421 - 430 of 3307 results
Comhairleoirí nua comhthofa ar Chomhairle Contae Fhine Gall
Comhthoghadh beirt chomhairleoirí nua go hoifigiúil ar Chomhairle Contae Fhine Gall um thráthnóna tar éis do chomhairleoirí reatha a bheith tofa go Dáil Éireann san Olltoghchán le déanaí.
Fógraíonn Comhairle Contae Fhine Gall liosta na ndaoine a bheidh ar an gclár Meantóireachta d’Ealaíontóirí 2024/2025
Tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall liosta na ndaoine a bheidh ag glacadh páirte sa Chlár Meantóireachta d’Ealaíontóirí 2024/2025 a fhoilsiú. Is iad seo a leanas an seisear ealaíontóirí gairmiúla a roghnaíodh don chlár seo - Elaine Grainger, Justine McDonnell, Marie Hanlon, Matthew Coll, Maya Brezing agus Sorca O'Farrell.
Teach agus Feirm an Droichid Nua
Teach Mór Seoirseach é Teach an Droichid Nua a dhear James Gibbs sa bhliain 1747 d’Ard-Easpag Bhaile Átha Cliath na linne sin.
Bríd i mBaile Brigín
Chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár bpobal ar lá saoire bainc Bhríd, tá cuireadh á thabhairt ag Fine Gall Ildánach agus Comhairle Contae Fhine Gall, duit a bheith inár dteannta tráth a mbeidh mórshiúl iontach, soilsithe agus loiscneach ag déanamh a bhealach trí Bhaile Brigín ar an Luan, an 5 Feabhra 2024, ag tosú ag 6pm agus ag leanúint ar aghaidh i gcomhair thart ar uair an chloig.
Foilsíonn Comhairle Contae Fhine Gall Tuarascáil ar an mBearna Phá idir na hInscní 2024
Léiríonn an Mheánbhearna Phá idir na hInscní go n-íoctar, ar an meán, 0.80% níos mó le mná ná fir, agus léiríonn an Bhearna Phá Airmheánach idir na hInscní go bhfuil an ráta pá airmheánach do mhná 14.81% níos airde ná an ráta pá airmheánach d’fhir.
Ardú le teacht ar Tháillí ag Ionaid Athchúrsála Fhine Gall i 2025
Tá táillí nuashonraithe fógartha ag Comhairle Contae Fhine Gall dá dramhaíl tí neamh-inathchúrsáilte agus dramhaíl ghlas ag a hIonaid Athchúrsála atá suite in Inbhear i Sord agus i gCúil Mhín i mBaile Átha Cliath 15. Tá siad le teacht i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2025.
Rialacháin Bulaí Ollmhór agus Deimhnithe Díolúine
Ceolchoirm Oíche ag Ceiliúradh Naomh Bríd
✨ Cuir cluas le héisteacht ort agus baint taitneamh as na foinn a bheidh le cloisteáil i rith Cheolchoirm Tráthnóna Naomh Bríd!
Dáta: Dé Luain, 5 Feabhra Am: 7pm (Doirse ar Oscailt ag 6:30pm)
Suíomh: Séipéal Bhríde, Baile Bhlainséir
Ticéid: €5 (Tabharfar an t-airgead a bhaileofar do Choiste Bailte Slachtmhara Bhaile Bhlainséir)
Cliceáil ar an nasc seo chun do shuíochán a chur in áirithe: https://www.eventbrite.com/cc/st-brigid-day-celebrations-fingal-county-…