Mullach Íde faoi Bhláth le Lá Spóirt, Spraoi agus Spiorad Pobail ag Féile Spóirt Fhine Gall
Ag an 3ú himeacht bliantúil d’Fhéile Spóirt Fhine Gall, cuireadh fáilte roimh na mílte daoine a chónaíonn i bhFine Gall chuig Caisleán agus Gairdíní Mhullach Íde an 9 Lúnasa. Ghlac an lucht freastail páirt i spóirt éagsúla agus i ngníomhaíochtaí éagsúla, amhail rugbaí, cispheil agus tógáil meáchan, galf diosca, agus liathróid láimhe CLG. Rinne 25 Chomhlacht Rialaithe Náisiúnta san iomlán de chuid Spórt Éireann ionadaíocht dá spórt ag an bhféile, rud a thug lear deiseanna spóirt saor in aisce do phobal Fhine Gall ag an lá gníomhaíochta spóirt is mó i mBaile Átha Cliath