Cáin Mhaoine Áitiúil
Is cáin a íoctar ar luach an mhargaidh ar mhaoin chónaithe í an Cháin Mhaoine Áitiúil (CMA). Tháinig an muirear a riarann agus a bhailíonn na Coimisinéirí Ioncaim, i bhfeidhm ar an 1 Iúil 2013. Bhí íocaíocht leath-bhliana dlite in 2013, agus íocaíocht do bhliain iomlán dlite ó 2014 i leith.
FÓGRA I dTAOBH RÚN A RITH CHUN AN BUNRÁTA CÁNACH MAOINE ÁITIÚLA A ATHRÚ DON BHLIAIN 2027
Déantar foráil shonrach leis an Acht Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil), 2012 (arna leasú), go bhféadfaidh comhaltaí tofa d’údarás áitiúil rún foirmiúil a rith chun an bunráta Cánach Maoine Áitiúla dá limistéar riaracháin a athrú de réir céatadán ar a dtugtar an fachtóir coigeartaithe áitiúil. Tugaim fógra leis seo gur ritheadh rún foirmiúil faoi alt 20(2) ag cruinniú de Chomhairle Contae Fhine Gall an 12 Deireadh Fómhair 2026 á rá gur chóir an bunráta cánach maoine áitiúla a bheith arna athrú síos de réir cúig faoin gcéad don bhliain 2027 i leith maoine cónaithe iomchuí atá suite i limistéar riaracháin Chomhairle Contae Fhine Gall.
AnnMarie Farrelly
Príomhfheidhmeannach