Déanann an Lá SportAbility, 2026, ceiliúradh ar an Spórt Ionchuimsitheach agus ar an nGníomhaíocht Fhisiciúil Ionchuimsitheach

Táthar ag spreagadh daoine de gach aois ó gach cearn de Bhaile Átha Cliath agus de Chill Mhantáin chun eolas a chur ar na buntáistí a bhaineann leis an spórt ionchuimsitheach agus leis an ngníomhaíocht fhisiciúil ionchuimsitheach ag an Lá SportAbility, 2026, a bheidh ar siúl an 28 Samhain ó 1pm go 4pm ag an Láthair Náisiúnta faoi Dhíon de chuid Spórt Éireann i mBaile Bhlainséir.

SportAbility Day

Eagraítear an t-imeacht trí iarracht chomhoibríoch lena mbaineann comhpháirtíochtaí spóirt ó Chomhairle Contae Fhine Gall, ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, ó Chomhairle Contae Átha Cliath Theas, ó Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin agus ó Chomhairle Contae Chill Mhantáin, chomh maith le Comhpháirtíochtaí Spóirt Áitiúla agus le Feachtas Cathracha Gníomhacha Bhaile Átha Cliath. Leis an imeacht, cuirfear ar taispeáint raon leathan deiseanna inrochtana spóirt agus áineasa do gach duine faoi mhíchumas, beag beann ar aois agus ar chumas.

Dúirt David Storey, Stiúrthóir um Chomhshaol, Gníomhú ar son na hAeráide, Taisteal Gníomhach agus Spórt i gComhairle Contae Fhine Gall: “Leis an Lá SportAbility, cuirtear deireadh le bacainní agus cruthaítear deiseanna do dhaoine de gach cumas chun an taitneamh, an tsláinte agus an ceangal a eascraíonn as a bheith gníomhach a bhlaiseadh. Trí rannpháirtithe, clubanna agus eagraíochtaí a thabhairt le chéile, táimid ag cruthú pobal níos ionchuimsithí ina mothaíonn gach duine go bhfuil fáilte rompu agus go dtacaítear leo páirt a ghlacadh. Le himeachtaí mar seo, léirítear ár dtiomantas dá chinntiú go mbíonn an spórt agus an ghníomhaíocht fhisiciúil fíor-inrochtana do gach duine ar fud Fhine Gall.”

Leis an imeacht, tabharfar deis do rannpháirtithe, do theaghlaigh, do chúramóirí, do scoileanna agus do ghrúpaí pobail spóirt éagsúla agus gníomhaíochtaí éagsúla a thriail i dtimpeallacht fháilteach thacúil. I measc na ngníomhaíochtaí beidh spóirt oiriúnaithe agus ionchuimsitheacha, taispeántais idirghníomhacha, blas-seisiúin, agus seastáin faisnéise ó eagraíochtaí a thacaíonn le rannpháirtíocht ghníomhach ar fud Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin. Tá sé mar aidhm leis an Lá SportAbility deireadh a chur le bacainní ar an rannpháirtíocht agus aird a tharraingt ar na deiseanna iomadúla atá ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas chun páirt a ghlacadh sa spórt agus i ngníomhaíocht fhisiciúil ina bpobal áitiúil.

SportAbility Day

A bhuí leis an imeacht freisin, tugtar deis do chlubanna spóirt, do ghrúpaí pobail agus do sholáthraithe seirbhíse ceangal le rannpháirtithe ionchasacha agus a thaispeáint conas is féidir leis an spórt ionchuimsitheach tacú le sláinte fhisiciúil, le folláine, le muinín, agus le ceangal sóisialta.

Beidh cuairteoirí in ann bualadh le hionadaithe ó eagraíochtaí míchumais, ó chlubanna spóirt agus ó chláir phobail agus iad ag foghlaim faoi chonairí i dtreo rannpháirtíocht leanúnach tar éis an imeachta.

Chun tuilleadh faisnéise agus mionsonraí clárúcháin a fháil, tabhair cuairt ar https://ow.ly/A0P15104aSF nó déan teagmháil le [email protected] .

 

Maidir leis an Lá SportAbility

Is é is an Lá SportAbility ann ná ceiliúradh bliantúil ar an spórt ionchuimsitheach agus ar an ngníomhaíocht fhisiciúil ionchuimsitheach, ar lena linn a thugtar eagraíochtaí ó gach cearn den chathair le chéile chun deiseanna inrochtana a chur chun cinn do dhaoine faoi mhíchumas. Tarraingítear aird san imeacht ar thiomantas comhchoiteann earnálacha spóirt Bhaile Átha Cliath dá chinntiú go mbíonn deis ag gach duine stíl mhaireachtála ghníomhach shláintiúil a bheith acu.