Lá na hAfraice 2025 le ceiliúradh ar fud Fhine Gall Bí réidh le Lá na hAfraice a cheiliúradh i bhFine Gall Dé Sathairn an 24ú agus Dé Domhnaigh an 25ú Bealtaine.
Iniúchadh Mór le taifead a dhéanamh ar eilimintí sráide stairiúla Fhine Gall Is minic nach bhfuil aird chuí againn ar ár dtroscán sráide. Cuirtear colbhaí aolchloiche nua in áit na gcosán, déantar boscaí poist a uasdátú, baintear caidéil nuair nach bhfuil siad in úsáid a thuilleadh. Ach is iad na heilimintí seo a thugann carachtar dár sráideanna agus dár mbóithre agus a léiríonn ár stair shóisialta.
Leabhar Comhbhróin do Gharda Flatley Tá Leabhar Comhbhróin ar oscailt do bhaill den phobal ar mian leo a gcomhbhrón a chur in iúl do theaghlach an Gharda Kevin Flatley
Scaoil saor do splanc chruthaitheach! Beidh Cruinniu na nÓg ar siúl Dé Sathairn an 7ú Meitheamh, 2025. Cuireann Fine Gall Ildánach Cruinniú na nÓg i láthair go bródúil; lá cruthaitheachta saor in aisce do dhaoine óga ar an 7ú Meitheamh, 2025.
Comhairliúchán Poiblí maidir le hUiscí Snámha i bhFine Gall a Aithint do Shéasúr Snámha 2026 Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag iarraidh ar dhaoine a shnámhann ar thránna, lochanna agus aibhneacha a dtuairimí a chur in iúl mar chuid den athbhreithniú bliantúil ar uiscí snámha ar fud an réigiúin.
Tá feabhas tagtha ar cháilíocht uisce snámha ag tránna Bhaile Brigín agus Loch Sionnaigh de réir GCC Ciallaíonn athrú stádais go ndéanfar aicmiú uisce snámha do Bhaile Brigín i 2025 a aicmiú de réir na dtorthaí samplála a fuarthas i séasúr uisce snámha 2025.
Seolann Leabharlanna Fhine Gall Treoir d'Acmhainní do Bhunscoileanna Tá treoir curtha le chéile ag Leabharlanna Fhine Gall do mhúinteoirí, d’oideoirí, do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí leanaí i bhFine Gall, ag tabhairt aird ar a n-acmhainní saor in aisce do bhunscoileanna agus do dhaltaí.
Ócáid phoiblí chun Cónaitheacht Stiúideo Theach Bád Loch Sionnaigh a chur ar taispeáint 'It's Written in the Rocks / Scríobhtar é sna Carraigeacha will take place on Saturday 10th May from 1- 4pm at Loughshinny Boathouse
Maithiúnas Bliaintiúil na Samhna 2024 le haghaidh ábhar indóite ag ionaid athchúrsála Glacfar le hábhair indóite (leapacha, toilg, doirse adhmaid etc.) saor in aisce ag Ionaid Athchúrsála Chomhairle Contae Fhine Gall ó chónaitheoirí Fhine Gall ar na laethanta seo a leanas Dé Céadaoin an 23 Deireadh Fómhair go dtí Déardaoin an 31 Deireadh Fómhair 2024
Soiléiriú ar Iarratas Pleanála F25A/0094E Is mian le Comhairle Contae Fhine Gall soiléiriú a thabhairt maidir le comhfhreagras gan iarraidh le déanaí ó daa maidir le hIarratas ar Fhaisnéis Bhreise (IFB) a eisíodh ar an 1ú Aibreán 2025 i ndáil le hiarratas pleanála (Uimh. Thag. F25A/0094E), lena moltar acmhainn bhliantúil paisinéirí Aerfort Bhaile Átha Cliath a mhéadú go 36 milliún.