Ceiliúrann Comhairle Contae Fhine Gall Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach le searmanas ardaithe brataí
Cuireadh searmanas oifigiúil ardaithe bhratach an Aontais Eorpaigh ar siúl inniu ag Áras an Chontae, Sord, chun tús Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh a chomóradh.
Bhí an Comh. Tony Murphy, Méara Fhine Gall, an tUas. Georgios Stilianopoulos A.S., Ambasadóir na Gréige chun na hÉireann, agus comhairleoirí áitiúla i gceannas ar an searmanas..