Infheistíocht de €1.72 milliún ceadaithe do Thionscadail Nua faoin tuath i mBaile Átha Cliath
Tá nuacht iontach ann do cheantair thuaithe i bhFine Gall, i mBaile Átha Cliath Theas agus i nDún Laoghaire Ráth an Dúin le ceadú €1.72 milliún i maoiniú do naoi dtionscadal nua. Cheadaigh Grúpa Áitiúil Gníomhaíochta Tuaithe LEADER Bhaile Átha Cliath (LAG) a dhéanann maoirseacht ar an gclár LEADER faoin tuath i mBaile Átha Cliath an infheistíocht i dtionscadail ag cruinniú ar líne Déardaoin an 30 Aibreán. Tá na tionscadail cheadaithe i réimsí Fiontar agus Jabchruthúcháin, Cuimsiú Sóisialta agus Timpeallacht Tuaithe.