Socraítear le Plean Bainistíochta Bruscair uaillmhianach Fhine Gall don tréimhse 2025-2028 an treoirphlean le haghaidh bruscar a bhainistiú agus a chosc
Leagtar amach i bplean nua uaillmhianach an treoirphlean maidir le conas a dhéanfaidh Comhairle Contae Fhine Gall bruscar a bhainistiú agus a chosc thar na trí bliana atá romhainn. Forbraíodh an Plean Bainistíochta Bruscair 2025-2028 tar éis comhairliúchán fairsing leis na Comhaltaí Tofa, le gnólachtaí agus grúpaí pobail sa limistéar áitiúil agus le príomh-gheallsealbhóirí, agus ba é an Comhairleoir Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, a sheol é.