2201 - 2210 of 3308 results
Tá Ainmneacha Páirce Fhine Gall a taifeadadh sa Tionscadal ar fáil anois le feiceáil ar an mbunachar sonraí.
Tá garsprioc bainte amach ag Tionscadal Ainmneacha Páirce Fhine Gall mar go bhfuil na hainmneacha a taifeadadh go dtí seo curtha ar fáil ar líne den chéad uair.
Uisce Éireann agus Comhairle Contae Fhine Gall ag dul ar aghaidh le huasghrádú mór líonra i gceantar Bhaile Bhlainséir chun forbairt eacnamaíoch a éascú
Tá Uisce Éireann, i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Fhine Gall, ag dul ar aghaidh le hoibreacha uasghrádaithe líonra uisce ar Bhóthar Ráth an Chrúisigh i mBaile Bhlainséir.
An Chomhairle chun tús áite a thabhairt do Thaisteal Gníomhach a chur chun cinn tar éis athruithe ar ranna
Tá Comhairle Contae Fhine Gall chun tús áite a thabhairt do Thaisteal Gníomhach a chur chun cinn mar chuid dá tiomantas leanúnach do Ghníomhaíocht ar son na hAeráide, le hathruithe breise ar ranna na Comhairle chun cumais seachadta tithíochta agus forbartha eacnamaíochta na Comhairle a neartú a thuilleadh.
Cuireann an Chomhairle tús le hoibreacha cosanta cósta éigeandála i bPort Reachrann
Tá Comhairle Contae Fhine Gall ar tí oibreacha éigeandála a dhéanamh i bPort Reachrann lena n-áirítear oibreacha cosanta ag Bóthar na Cé agus athlonnú Seabees ag Trá an Choinicéir.
Eolas tábhachtach maidir leis na scéimeanna Deontais Atosaithe agus Deontas Atosaithe Móide
Dúnfaidh an Scéim Deontais Atosaithe Móide, lena n-áirítear na híocaíochtaí breise a chuirtear i bhfeidhm ar fud na tíre agus i gcontaetha áirithe, ó mheán oíche Dé Sathairn an 31ú Deireadh Fómhair. Bunaíodh Scéim Tacaíochta um Shrianta COVID (CRSS) nua mar chuid de Bhuiséad 2021 ar an 13ú Deireadh Fómhair 2020 agus tá sí á feidhmiú ag Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.
The Gossip column
Salón gruaige a dhéanann speisialtóireacht ar dhathanna agus síneadh gruaige atá suite i sráidbhaile Bhaile Bhlainséir
Ionaid Phobail Fhine Gall ag reáchtáil comórtas saothair ealaíne Fíorúla Oíche Shamhna
Tá oifig Forbartha Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall ag reáchtáil Tionscadal Fíorúil Oíche Shamhna 2020 ar fud na tíre a thabharfaidh maoiniú do 27 ionad pobail chun comórtas cruthú mascanna, dathúcháin agus scríbhneoireacht dáin a reáchtáil ag úsáid meán fíorúil.
Tacaíonn an Chomhairle le scannán ‘Dear Fingal’ trí mhaoiniú Éire Ildánach
Chuir Comhairle Contae Fhine Gall maoiniú ar fáil do scannán nua ‘’Dear Fingal” ina bhfuil foireann scothaisteoirí agus criú de thallann dúchasach de réir mar a leanann an Chomhairle ag tacú agus ag cabhrú le hearnáil na nEalaíon le linn na tréimhse deacra Covid-19.
Fáiltíonn Méara Fhine Gall roimh Ordú Aireachta chun cead a thabhairt do chomhairleoirí cruinnithe a thionól agus vótáil go cianda
D’fháiltigh Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy, roimh an Ordú Aireachta a ligfidh do chomhairleoirí cruinnithe a thionól agus vótáil go cianda.