Seoladh Oifigiúil Slí Naomh Pádraig & Conair Ealaíne Dé Sathairn
D’fhorbair Comhairle Contae Fhine Gall Slí Naomh Pádraig & Conair Ealaíne le tacaíocht mhaoinithe ó Scéim na mBailte Ceann Scríbe 2020-2023 de chuid Fáilte Ireland, agus seolfar é Dé Sathairn 22ú Meitheamh ag 12in i gClub Seoltóireachta na Sceirí.