Tá Comhairle Contae Fhine Gall agus an Ghníomhaireacht um Fhorbairt Talún chun iarratais a oscailt don chéad chéim d’Fhaiche Golding, Cionn Sáile
D’fhógair an Ghníomhaireacht um Fhorbairt Talún (an Ghníomhaireacht) agus Comhairle Contae Fhine Gall mionsonraí an phróisis iarratais inniu maidir leis an gcéad 50 Teach Céaduaire ag Faiche Golding, Cionn Sáile, Co. Bhaile Átha Cliath. Is iad an 50 teach sin na chéad tithe a chuirfear ar fáil lena gceannach san fhorbairt nua, atá á tógáil faoi láthair agus lena soláthrófar 193 teach Céaduaire agus Shóisialta nuair a bheidh sí críochnaithe.
Beidh rátáil A ag gach teach, a dtógfaidh Lydon iad, agus beidh gairdíní agus spás páirceála ag gabháil leo. Áirítear leis an scéim creis, spás oscailte poiblí, páirc peile, naisc nua do choisithe, agus glasbhealach rothaíochta. Tá an láithreán suite idir Halla an Chláir agus Mullach Íde, agus tá naisc láidre iompair ann, lena n-áirítear seirbhísí bus feadh Bhóthar Mhullach Íde agus rochtain iarnróid ó stáisiún DART Phort Mearnóg. Tá taitneamhachtaí seanbhunaithe miondíola agus pobail ann sa limistéar freisin.
Is í Comhairle Contae Fhine Gall a bhainisteoidh díol na dtithe tríd an Scéim Ceannaigh Tithe Céaduaire, ar ar tugadh Scéim Ceannaigh Inacmhainne na nÚdarás Áitiúil roimhe sin.
Leis an Scéim Ceannaigh Tithe Céaduaire, cuirtear ar chumas ceannaitheoirí incháilithe an bhearna idir praghas an tí agus méid na gcistí pearsanta agus an mhorgáiste atá ar fáil dóibh a líonadh. Tá socrú cothromais chomhroinnte i gceist leis an scéim, rud lena n-íslítear an costas roimh ré agus lena gcuirtear ar chumas Chomhairle Contae Fhine Gall leas cothromais a shealbhú sa réadmhaoin go dtí go n-aisíocfar í nó go dtí go ndíolfar an teach.
Le cur i bhfeidhm tacaí rialtais agus ranníocaíochtaí cothromais, tosaíonn praghsanna do na Tithe Céaduaire ag €380,000 le haghaidh tithe dhá sheomra leapa agus ag €440,000 le haghaidh tithe trí sheomra leapa.
Dúirt an Comh. Tony Murphy, Méara Fhine Gall: “Cé go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach tithe nua a sholáthar, tá sé ríthábhachtach freisin pobal dea-nasctha inbhuanaithe a chruthú inar féidir le daoine socrú síos agus teacht ar thaitneamhachtaí, spásanna glasa agus naisc thaistil ghníomhaigh atá ar ardchaighdeán. Cuirfidh Faiche Golding go mór le fás Chionn Sáile agus le freastal ar na riachtanais tithíochta atá ag pobail Fhine Gall. Molaim go mór d’aon úinéirí tí ionchasacha smaoineamh ar iarratas a dhéanamh nuair a osclófar an tairseach an 8 Deireadh Fómhair.
Tá Faiche Golding mar chuid de mhórchlár soláthair atá ar bun ag an nGníomhaireacht um Fhorbairt Talún i bhFine Gall. Tá obair thógála ar siúl ar bhreis agus 1,100 teach atá á soláthar faoi láthair ar fud Dhiméin Hampton i mBaile Brigín agus ar fud Ghoirt na Prióireachta ar na Sceirí. Tá an Ghníomhaireacht um Fhorbairt Talún ag cur pleananna chun cinn freisin le haghaidh láithreán straitéiseach i Halla an Leasáin in aice le Sord, rud a bhfuil acmhainneacht aige thart ar 6,000 teach a sholáthar.
Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá fógairt na n-iarratas ar na chéad tithe ag Faiche Golding ina céim thábhachtach eile i dtiomantas Chomhairle Contae Fhine Gall chun rochtain a mhéadú ar úinéireacht tí. Tríd an Scéim Ceannaigh Tithe Céaduaire, táimid ag cabhrú le ceannaitheoirí incháilithe bacainní inacmhainneachta a shárú agus teach nua ardchaighdeáin a fháil i suíomh a bhíonn ag fás agus a bhfreastalaítear go maith air. Táimid ag tnúth le tacú le hiarratasóirí rathúla de réir mar a thagann an pobal nua seo chun cinn”.
Dúirt John Coleman, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta um Fhorbairt Talún: “Tá seoladh na n-iarratas ar na chéad tithe ag Faiche Golding ina chloch mhíle thábhachtach eile sa chomhpháirtíocht atá ar bun againn le Comhairle Contae Fhine Gall chun tuilleadh tithe nua ardchaighdeáin a sholáthar do dhaoine agus do theaghlaigh ar fud Fhine Gall. Soláthrófar leis an bhforbairt seo tithe a bhfuil rátáil A acu agus atá tíosach ar fhuinneamh i suíomh dea-nasctha, agus tá sí mar chuid de phíblíne mhéadaitheach soláthar tithíochta atá ar bun ag an nGníomhaireacht sa limistéar seo agus ar fud an chontae."
Osclófar an tairseach le haghaidh iarratais ar an gcéad 50 Teach Céaduaire ag Faiche Golding ag 12pm an 8 Deireadh Fómhair 2026 agus dúnfar í ag 5pm an 29 Deireadh Fómhair 2026. Moltar d’iarratasóirí ionchasacha scrúdú cúramach a dhéanamh ar mhionsonraí chritéir na Scéime Ceannaigh Tithe Céaduaire agus a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis riachtanach ar fad ar áireamh ina n-iarratas. Is féidir tuilleadh mionsonraí faoi na tithe agus faoin bpróiseas iarratais a fháil ag www.fingal.ie/starterhomes