Trá an Choinicéir, Cill Fhionntain - Eolas

Trá an Choinicéir, Cill Fhionntain

Cad is ciall leis an logainm seo?

Cill Fhionntain, an chuing chaol lena nasctar Ceann Bhinn Éadair leis an mórthír, bhíodh sí roinnte ina dhá baile fearainn ar dtús: an Coinicéar agus an Cairéal.

Is féidir gur ainmníodh Cill Fhionntain i ndiaidh clann a bhíodh ina cónaí sa cheantar. Luaitear John deSutton i dtaifead giúiré ón 13ú haois, mar aon le duine de chlann St Lawrence (A History of the County Dublin, Cuid V, Francis Elrington Ball).

Reachrainn agus Inis Mac Neasáin

Is í Reachrainn an t-oileán is mó amach ó chósta thoir na hÉireann. Thugadh na Gréagaigh ‘Limnus’ nó ‘Limni’ air chomh luath le 150 A.D., rud a chiallaíonn ‘seilide’, mar gheall ar a scáthchruth. Reachrainn, an t-ainm a thug na Lochlannaigh ar an oileán, tháinig sé ón gcleachtas ina seoltaí caoirigh chuig an oileán san earrach. Thug Colm Cille cuairt ar Reachrainn sa 6ú haois agus bhunaigh sé mainistir inti. 

Mar gheall ar a suíomh agus a dtábhacht straitéiseach, rinneadh go leor ionsaithe thar na céadta blianta ar an dá oileán atá le feiceáil ón trá. Tháinig na Lochlannaigh go Reachrainn sa bhliain 795, tráth a rinne siad ruathar ar an mainistir ar an oileán agus a bhain siad úsáid as an oileán mar bhunáit chun ionsaí a dhéanamh ar Fhine Gall. Chreach siad Inis Mac Neasáin sa bhliain 960 freisin. Tháinig tóir ar Reachrainn i measc foghlaithe mara sa 15ú haois agus, ina dhiaidh sin, chuir coilínigh Shasanacha fúthu ar an oileán chun smuigleálaithe a chur ó dhoras. 

Chuir clann Baring fúithi i Reachrainn sa bhliain 1904, agus fostaíodh Edward Lutyens, ailtire, chun an seanchaisleán a athchóiriú. Lean an Tiarna Revelstoke, duine de mhuintir Baring, agus a chlann de bheith ina gcónaí ann agus de bheith ag feirmeoireacht ar an oileán. Bíonn ba agus caoirigh ag innilt i Reachrainn in éineacht leis na valbaithe, arb iad na cónaitheoirí is neamhghnáiche de chuid an oileáin iad.

Caomhantas Dúlra

Is láithreáin caomhantais dúlra ainmnithe iad Reachrainn agus Inis Mac Neasáin araon. Tá tábhacht idirnáisiúnta ag baint le Reachrainn mar gheall ar na héin mhara phórúcháin atá inti, agus tá an choilíneacht éan mara is mó in Éirinn inti freisin. I measc na speiceas pórúcháin tá an fhoracha, an crosán, an saidhbhéar, an faoileán scadán, an seaga, an broigheall, agus an puifín. Sa gheimhreadh, is féidir géanna glasa, géanna giúrainn agus cadhain a fheiceáil ar an oileán freisin. Is í Reachrainn a chothaíonn an t-aon choilíneacht rónta glasa ar an gcósta thoir. Tá coilíneachtaí gainéad, bairéadach agus droimneach mór in Inis Mac Neasáin freisin.

Cá bhfuil mo thriall ón áit seo?

Is neasfhaid agus neas-agaí iad na faid agus na hagaí

• Tá Trá Claremont, Binn Éadair, suite 1.75 km ar shiúl (rochtain ag lag trá amháin)

(siúlóid 30 nóiméad).

• Tá an Trá Mhín, Port Mearnóg, suite 6.5 km ar shiúl 

(siúlóid 120-130 nóiméad).

SÉANADH

AN tACHT UM DHLITEANAS ÁITITHEOIRÍ, 1995

TABHAIR FAOI DEARA gurb í Comhairle Contae Fhine Gall a dhéanann na cosáin coisithe a chothabháil agus, mar áititheoir na dtailte seo, EISIANN SÍ LEIS SEO, de réir alt 5(2) den Acht um Dhliteanas Áititheoirí, 1995, an dualgas cúraim atá uirthi i leith cuairteoirí faoi alt 3 den Acht sin, i leith aon díobháil nó aon damáiste a dhéantar do chuairteoirí agus dá maoin de dheasca aon chontúirt atá ann ar na cosáin agus ar na tailte.

FÓGRA SÁBHÁILTEACHTA

Tabhair faoi deara an ghuais snámha ar an léarscáil.

Ba cheart do shiúlóirí a bheith cúramach i gcónaí.

 

CÓD TRÁ

Bain úsáid as na boscaí bruscair atá tugtha nó tabhair do bhruscar abhaile leat.

Tá toirmeasc ann ar alcól a ól ar an trá seo faoi na Fodhlíthe um Ól Deochanna Meisciúla ar Bhóithre agus in Áiteanna Poiblí a Thoirmeasc, 2002, a rinneadh faoin Acht Rialtais Áitiúil, 1994.

Is ar a bpriacal féin a pháirceálann úinéirí a ngluaisteán.

Tá úinéirí madraí freagrach as salachar madraí a ghlanadh faoi alt 22 den Acht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997.

Ó mhí na Bealtaine go mí Mheán Fómhair, agus an dá mhí sin san áireamh, ní cheadaítear aon chapall a bheith ar an trá idir 10am agus 9pm. Ó mhí Dheireadh Fómhair go mí Aibreáin, agus an dá mhí sin san áireamh, ní cheadaítear aon chapall a bheith ar an trá ar an Satharn, ar an Domhnach ná ar Laethanta Saoire Bainc idir 10am agus 9pm.

GARDA TARRTHÁLA

Má tá bratach ann ar a bhfuil dath dearg os cionn dath buí, tá garda tarrthála ar dualgas. 

Mura bhfuil aon bhratach ar bith ann, níl aon gharda tarrthála ar dualgas agus níl sé sábháilte snámh.

Má tá bratach dhearg ann, níl sé sábháilte snámh in am ar bith.

Chun teagmháil a dhéanamh le Comhairle Contae Fhine Gall, cuir glao ar:

01 8905000 (le linn uaireanta oifige)

Uimhir na Seirbhísí Éigeandála

Le haghaidh seirbhísí éigeandála, cuir glao ar: 112

AMANNA GARDA TARRTHÁLA

An deireadh seachtaine amháin i mí an Mheithimh

(11.00am go 7.00pm)

Go lánaimseartha ó mhí Iúil go mí Lúnasa 

(11.00am go 7.00pm)