An Tionscadal ‘Talamh’ - Baile Mastún

Ballymastone April 2019

Is leis an gComhairle c.32 heicteár de thalamh arna chriosú le haghaidh úsáide cónaithe i mBaile Mastún, Domhnach Bat.

Léirítear leis an líne dhearg ar an léarscáil thuas an talamh arna chriosú le haghaidh úsáide cónaithe agus ní chuirtear san áireamh  an Mol Oideachais agus Áineasa, lena n-áirítear na páirceanna imeartha atá in úsáid faoi láthair ag na clubanna áitiúla CLG agus sacair, atá in aice leis an suíomh forbartha beartaithe.

Téann Bóthar Dáileacháin Dhomhnach Bat nua tríd an talamh seo agus léirítear ar an léarscáil thuas é mar líne ghorm.

Fuarthas maoiniú le haghaidh an bhóthair seo faoin gCiste Bonneagair Áitiúil um Sheachadadh Tithíochta a Ghníomhachtú in 2016.

Is é is aidhm leis an gCiste Bonneagair Áitiúil um Sheachadadh Tithíochta a Ghníomhachtú ná maoiniú a chur ar fáil chun bonneagar riachtanach a sholáthar ionas gur féidir talamh arna chriosú le haghaidh úsáide cónaithe a fhorbairt.

Tá an bóthar seo á thógáil i láthair na huaire agus táthar ag súil go mbeidh sé curtha i gcrích faoi dheireadh 2019.

Sainaithnítear an talamh i mBaile Mastúin le haghaidh forbairtí tithíochta cónaitheacha i bPlean Ceantar Áitiúil Dhomhnach Bat agus tá cuspóirí an Phlean sin á chur ar aghaidh ag an gComhairle.

I ndiaidh an phróisis soláthair, déanfaidh an forthairgeoir a n-éireoidh leis iarratas chun cead pleanála a fháil trí reachtaíocht um Fhorbairt Straitéiseach Tithíochta. Déantar an t-iarratas sin a thaisceadh go díreach leis an mBord Pleanála a dhéanann an cinneadh an cead pleanála a dheonú nó a dhiúltú.

Is féidir le baill an phobail breathnóireachtaí nó agóidí maidir leis an iarratas a thaisceadh leis an mBord Pleanála lena mbreithniú le linn an phróisis pleanála reachtúil seo.

 

Baile Mastún – An Fhís don Talamh

Is é fís na Comhairle maidir leis an talamh sin a fhorbairt ná pobal éifeachtach inbhuanaithe a sholáthar trí na rudaí seo a leanas: 

  • forbairt chónaitheach atá tarraingteach agus ar ardchaighdeán a chur ar fáil agus í dírithe ar an dea-chleachtas ó thaobh dearaidh agus leagain amach uirbigh
  • saoráidí rochtana pobail, spás oscailte agus áineasa a sholáthar.
  • meascán iomchuí a chur ar fáil ó thaobh mhéid, cineál agus tionacht na dtithe chun freastal ar réimse riachtanais teaghlaigh agus chun pobail chothromaithe a sholáthar.

 

Pleanáil & Forbairt i nDomhnach Bat

Ghlac Comhaltaí Tofa Chomhairle Contae Fhine Gall le Plean Ceantair Áitiúil Dhomhnach Bat 2016 - 2022 i Márta 2016.

Forbraíodh an Plean Ceantair Áitiúil seo mar thoradh ar comhairliúchán poiblí forleathan.

An fhorbairt a dheantar i nDomhnach Bat, déantar í i gcoinne na mbeartas agus cuspóirí a leagtar amach sa Phlean Ceantair Áitiúil sin agus i bPlean Forbartha Fhine Gall 2017 – 2023, a chugh trí phróiseas forleathan comhairliúcháin poiblí sular ghlac Comhaltaí Tofa na Comhairle leis i Márta 2017.

Tá an dá doiciméad sin ar fáil ar ár suíomh gréasáin anseo:

Fingal Development Plan 2017-2023

 

Plean Ceantair Áitiúil Dhomhnach Bat:

Déanfar tithíocht nua i nDomhnach Bat a mheasúnú i gcomhréir le ceanglais an Phlean Ceantair Áitiúil agus an Phlean Forbartha.

Ballymastone Update 2 April 2019

Sonraí Teagmhála

Is feidir ceisteanna maidir leis an tionscadal seo a chur ar aghaidh chuig:

Matthew McAleese, Senior Planner, Planning Department [email protected]                             
Aoife Sheridan, Senior Executive Officer, Project Talamh [email protected]
Project Talamh Programme Office [email protected]