Teachtaireacht Fáilte

Dev Plan welcome message image

Tá ullmhú Phlean Forbartha Fhine Gall ar cheann de na feidhmeanna is tábhachtaí atá ag Comhairle Contae Fhine Gall, ag gníomhú mar threoirphlean d’fhorbairt Fhine Gall ó thaobh cúrsaí fisiceacha, eacnamaíocha, sóisialta, agus comhshaoil de.

Cuimsíonn an próiseas athbhreithniú ar Phlean Fobartha Fhine Gall 2017 – 2023 atá ann cheana agus leagfaidh sé amach an straitéis fhoriomlán maidir le pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe Fhine Gall thar thréimhse sé bliana suas go dtí 2029.

Tháinig athbhreithniú an Phlean Forbartha ag am dúshlánach agus gan fasach ag eascairt as tionchair na paindéime coróinvíris, athrú aeráide agus An Breatimeacht. Mar sin féin, tugann na dúshláin seo deiseanna freisin chun cur lenár bhfís chun Fine Gall a dhéanamh ina ‘áit den scoth chun cónaí, oibriú, cuairt a thabhairt air agus gnó a dhéanamh ann.’

Caithfidh an Plean Forbartha na gnéithe sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil dár bhforbairt sa todhchaí a mheas. Tá an chaoi a n-úsáidimid ár dtalamh, an áit a chuirimid tithíocht, fostaíocht, agus áiseanna pobail, ábhartha dúinn go léir. Beidh tionchar aige ar an gcaoi a fhreagraímid d’athrú aeráide, ar an gcaoi a ndéanaimid cosaint agus athshlánú ar an Nádúr, an chaoi a bhogaimid timpeall, an áit a bhfuilimid ag maireachtáil agus ag obair, ár sláinte agus cáilíocht ár mbeatha mar dhaoine aonair, mar theaghlaigh agus mar phobail. Beidh beartais agus cuspóirí sa phlean mar bhunús le cinntí ar iarratais phleanála agus go leor gnéithe eile d’obair na Comhairle.

Tá tábhacht ar leith leis maidir le freagairt don athrú aeráide atá aitheanta ag Comhairle Contae Fhine Gall agus Dáil Éireann mar Éigeandáil Aeráide. Tá na dúshláin dhúbailte romhainn maidir le dícharbónú ár ngeilleagair agus ár sochaí, agus oiriúnú don athrú aeráide a bheidh mar thoradh ar astaíochtaí go dtí seo. Chun é sin a dhéanamh caithfimid a chinntiú go gcuirfidh ár bPlean Forbartha muid ar an mbealach ceart.

Socróidh Plean Forbartha Fhine Gall 2023 - 2029 an fhís fhadtéarmach do thodhchaí an Chontae. Beidh ról an-tábhachtach ag an gcéad chéim seo in ullmhú agus i ndréachtú an Phlean Forbartha. Tugann an doiciméad seo forbhreathnú ar na Saincheisteanna Straitéiseacha atá os comhair an Chontae agus leagtar amach ann de réir téama, cuid de na príomh-shaincheisteanna a bhféadfadh go gcaithfidh an Plean nua aghaidh a thabhairt orthu.

Ag an gcéim luath seo, táimid ag lorg d’ionchur ar na saincheisteanna leathana ‘mórphictiúir’ seo. Níor cheart tograí sonracha a bhaineann le zónáil tailte a dhéanamh ag an gcéim seo toisc nach féidir iad a mheas. Cinnteoidh do rannpháirtíocht sa phróiseas déanta pleananna go bhfreagróidh an chéad Phlean Forbartha eile do mhianta don Chontae agus go dtabharfaidh sé aghaidh freisin ar aon imní a d’fhéadfadh a bheith agat. Cabhraigh linn pleanáil do thodhchaí Fhine Gall mar ‘áit den scoth chun cónaí, oibriú, cuairt a thabhairt air agus gnó a dhéanamh ann.’

Tá trí chéim chomhairliúcháin phoiblí ann thar an bpróiseas dhá bhliain chun Plean Forbartha a dhéanamh. Sa chéad chéim seo, an réamhdhréacht, leagfar amach treo straitéiseach don phlean. Beidh sé mar chreat ina gcuirfear cuspóirí agus beartais ag na céimeanna níos déanaí. Tá sé ríthábhachtach go gcuirfeá do thuairimí in iúl chomh luath agus is féidir ionas go gcuirfear isteach sa phróiseas déanta plean iad.

Molaimid duit é a léamh agus tabharfaimid cuireadh duit do thuairimí a roinnt lenár bhFoireann Pleanála trí aighneacht a dhéanamh ag www.consult.fingal.ie.

Cuideoidh d’aighneacht go mór leo an Dréachtphlean Forbartha 2023-2029 a ullmhú.

Beidh ceithre chéim sa tionscadal seo a bheidh dírithe ar cheithre chéim phróiseas an Phlean Forbartha agus ar fhoilsiú ceithre phríomhdhoiciméad.

Faigh amach níos mó anseo