Resident

08 Mar 2021
Homemade Parade

Déan Ceiliúradh ar Lá Fhéile Pádraig le #ParáidBhaile

Tá fíoráthas orainn ár gcomórtas Lá Fhéile Pádraig #ParáidBhaile a fhógairt. Ar Lá Fhéile Pádraig seo, cad faoi spiorad na paráide a thabhairt isteach i do theach? Spreag an teaghlach a bheith páirteach i #ParáidBhaile a chur le chéile, ag úsáid rudaí ó gach cearn den teach cosúil le bréagáin, leabhair, béiríní bréige 7rl.

05 Mar 2021
Libraries OnLine

Macramé Cuid 1

Is é Macramé an ealaín ársa a bhaineann le snaidhmeanna a cheangal chun go leor píosaí teicstíle a chruthú. Féach ar Anita Mooney ó Lailas Loops chun roinnt snaidhmeanna riachtanacha a fhoghlaim a theastaíonn chun go leor píosaí macramé a chruthú sa chéad fhíseán sa tsraith: https://youtu.be/9oZ3fm9ni8M

05 Mar 2021
Libraries OnLine

Do Ghairm Bheatha A Éagsúlú

Ar chaill tú do phost nó an bhfuil sé tugtha faoi dheara agat de bharr na paindéime go bhfuil sé in am do shaol gairmiúil a athchóiriú? Glacfaidh an físeán seo ‘Do Ghairm Bheatha A Éagsúlú’ le Jill Barrett cur chuige cóitseála chun cabhrú leat an ghairm bheatha a theastaíonn uait a chruthú seachas díreach glacadh leis an gceann a gheobhaidh tú: https://youtu.be/XBIXtqMRCmE

05 Mar 2021
Libraries OnLine

Ag Cuardach Poist Le Linn Covid

Is obair chrua í cuardach poist! An bhfuil an toradh is fearr á fháil agat ar an am atá á chur isteach agat i do chuardach? San fhíseán seo maidir le Cuardach Poist Le Linn Covid, féachfaidh Jill Barrett ar na bealaí is fearr chun róil a fháil a fhógraítear agus nach bhfógraítear; ag cabhrú leat filleadh ar an ionad oibre a luaithe is féidir: https://youtu.be/_YsqxWICUfM

05 Mar 2021
Libraries OnLine

Ag Obair Ón mBaile Le Linn Covid

Go teoiriciúil, is iontach an rud í cianobair, ach is féidir go leor dúshlán a bheith ag baint léi! Fiosraigh an seisiún seo ‘Ag Obair Ón mBaile Le Linn Covid’ le Jill Barrett chun a chinntiú go bhfuil tú ag tabhairt an chothromaíocht oibre is saoil is fearr duit féin trí bhreathnú ar do thimpeallacht, do straitéisí chun déileáil, agus an rud is tábhachtaí, do mheon: https://youtu.be/M_0UhzF2Ck8