San am scéalaíochta seo, léann Marie-Therese, a oibríonn i Leabharlanna Fhine Gall, ‘My Wobbly Tooth Must Not Ever Never Fall Out’ (Charlie agus Lola) le Lauren Child. https://youtu.be/sGF7Kj7c5Ag
Is féidir taitneamh a bhaint as roinnt scéalta a scríobh leanaí, do leanaí sa chéad chuid seo de ‘Storytime with Mr. Read’: https://youtu.be/_m569vSL7_8
Is féidir éisteacht le níos mó scéalta iontacha a scríobh leanaí sa dara cuid de ‘Storytime with Mr. Read’: https://youtu.be/r55qA7iBa88
Léann Marie-Therese ‘Hairy Maclary's Rumpus at the Vet’ le Lynley Dodd, scéal ina bhfuil Hairy Maclary ag fanacht chun casadh leis an tréidlia nuair a tharlaíonn rud éigin sa seomra feithimh: https://youtu.be/mKXTpAKEA-I
Faigh amach faoi ról na himeartha i bhforbairt leanaí sona, sláintiúla le Linda Breathnach agus Melissa Moore mar chuid dár sraith Imeachtaí Earraigh, agus mar chuid den tionscnamh Éire Shláintiúil Ag Do Leabharlann: https://youtu.be/0dmn2xvxdN0
Pléann Linda Breathnach agus Melissa Moore féinchúram agus sláinte mheabhrach leanaí le linn na n-amanta dúshlánacha seo mar chuid dár sraith Imeachtaí Earraigh, agus mar chuid den tionscnamh Éire Shláintiúil Ag Do Leabharlann: https://youtu.be/c4TOGp9nsQk
Faigh amach céard a dhéanann Mr. Men agus Little Miss don chomórtas bácála i ‘Ready, Steady, Bake!’ le Adam agus Roger Hargreaves, léite ag Marie-Therese: https://youtu.be/QYaJUxU5AHw
Códúchán don chlann uilig. Sa cheardlann seo, beimid ag plé le Scratch agus Processing as Gaeilge. Is réamhléiriú atá i gceist agus mar sin, ní gá duit bheith i do shaineolaí! Tá an cheardlann dírithe ar 10-12 bliain d’aois agus beidh na rudaí seo a leanas ag teastáil: ríomhaire glúine nó ríomhaire le ceamara, micreafóin agus callairí.