Chuir Comhairle Contae Fhine Gall maoiniú ar fáil do scannán nua ‘’Dear Fingal” ina bhfuil foireann scothaisteoirí agus criú de thallann dúchasach de réir mar a leanann an Chomhairle ag tacú agus ag cabhrú le hearnáil na nEalaíon le linn na tréimhse deacra Covid-19.
Glacfar le hábhair indóite (leapacha, toilg, doirse adhmaid 7rl) saor in aisce ag Ionaid Athchúrsála Chomhairle Contae Fhine Gall do chónaitheoirí Fhine Gall ón gCéadaoin, 21 Deireadh Fómhair go dtí an Satharn, 31 Deireadh Fómhair, seachas an Domhnach agus Saoire Bainc.
Feistí Leighis a Dhíol, a Shuiteáil agus a Sheirbhísiú agus is iad Láimhsiú Sábháilte Othar, Suíochánra agus Trealamh Cosanta Pearsanta an speisialtóireacht atá againn
D’fhaomhaigh Comhairle Contae Fhine Gall Clár Caipitil trí bliana uaillmhianach ar fiú €767m a leagann amach infheistíocht shuntasach ar thionscadail ar fud an Chontae, le béim láidir ar sholáthar tithíochta, bearta taistil gníomhacha agus bonneagar glasbhealaigh thar a shaolré.
Deir daoine áirithe gur ealaín í an pheil, ach an uair seo tá an ceart acu!
Bhí tionchar nach beag ag Covid-19 ar chluichí peile ar fud an chontae ach níor chuir sé sin stad leis an FAI agus Comhairle Contae Fhine Gall leanúint ar aghaidh ag idirghníomhú le scoileanna chun meas a chur chun cinn ag úsáid peile agus ealaíne mar uirlis sa ‘Corn Measa Fíorúil’.
Sheol Comhairle Contae Fhine Gall a Dréacht-Straitéis Crann dár teideal “Foraois Fhine Gall, Straitéis Crann d’Fhine Gall – Dréacht-Doiciméad”. Tá an Dréacht-Straitéis anois ag dul trí Phróiseas Comhairliúcháin Poiblí Neamhreachtúil a thosaigh ar Lá Náisiúnta na gCrann 2020 ar 1 Deireadh Fómhair go dtí deireadh Sheachtain Náisiúnta na gCrann i Márta 2021.
Tá tionscnamh réimse poiblí suntasach curtha i gcrích ag Comhairle Contae Fhine Gall i gcroílár Sord atá dírithe ar thacú le gnóanna áitiúla trí an sráid-dreach atá ann cheana a chlaochlú go spás pobail fáilteach agus tarraingteach.
Bhí áthas an domhain ar Oifig Spóirt Fhine Gall agus ar rannpháirtithe díograiseacha go raibh Craobh Gailf Dhá Mhaide Fhine Gall agus na Mí Thoir in ann dul ar aghaidh i 2020. Bhí an comórtas ar siúl thar thrí thráthnóna go déanach i mí Lúnasa agus Meán Fómhair ar Chúrsaí Gailf Dhá Mhaide Bhaile Bachaille, Baile an Bheileogaigh agus Coimín na Roinne.