Tacaíonn an Chomhairle le scannán ‘Dear Fingal’ trí mhaoiniú Éire Ildánach

Chuir Comhairle Contae Fhine Gall maoiniú ar fáil do scannán nua ‘’Dear Fingal” ina bhfuil foireann scothaisteoirí agus criú de thallann dúchasach de réir mar a leanann an Chomhairle ag tacú agus ag cabhrú le hearnáil na nEalaíon le linn na tréimhse deacra Covid-19.

Dear Fingal film

Maoinithe trí chlár Éire Ildánach Fhine Gall atá á chomhordú ag Comhairle Contae Fhine Gall, taifeadadh an scannán, ar féidir a fheiceáil i sé phíosa ar leithligh nó i bpíosa foriomlán amháin ar ár gcainéal Youtube, i gCaisleán Shoird.

Léirithe agus stiúrtha ag David Gilna, tá léirithe sa scannán ó réalta an stáitse agus an scáileáin Ciara O’Callaghan, an drámadóir a bhfuil duaiseanna buaite aici Elaine Murphy, réalta ceoldrámaí West End Brian Gilligan, damhsóirí idirnáisiúnta nua-aimseartha Prodijig Nawal, Elabdri, Meadhbh Kennedy, Christen Mooney, Georgina Donovan, Kellie Morris, an t-ealaíontóir Glenn Matthews agus an t-amhránaí/scríbhneoir amhrán a bhfuil gealladh fuithi Muireann.

Chum Trisha O’Keefe an ceol agus bhí Louis Maxwell i bhfeighil na cineamatagrafaíochta.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy: “Ba mhaith liom tréaslú le David a léirigh an scannán iontach seo le grúpa cumasach ealaíontóirí ó Fhine Gall. Tá fíoráthas orm go raibh David, trí  Chlár Éire Ildánach Fhine Gall, in ann scannán chomh iontach a léiriú ag taispeáint ealaíontóirí áitiúla den scoth agus mholfainn do dhaoine féachaint ar an sárscannán seo ar ár gcainéal Youtube.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach AnnMarie Farrelly: ‘Tá saol ealaíne iontach agus bríomhar i bhFine Gall agus chonaiceamar daoine aonair agus grúpaí ag lorg bealaí nua chun nascadh lena lucht féachana. Is sampla de sin é an scannán “Dear Fingal” seo ina bhfuil scata iontach de thallann áitiúil agus ba mhaith liom tréaslú le gach duine a bhí páirteach ann as a gcuid léirithe dochreidte.”

Dúirt an Stiúrthóir Tithíochta agus Pobail, Margaret Geraghty: “D’oibrigh Comhairle Contae Fhine Gall go crua chun tacú le hearnáil na nEalaíon le linn na tréimhse Covid-19 trí raon tionscnamh ar nós meantóireacht, scéimeanna tacaíochta agus cúnamh deontais. Tá Clár Ildánach Fhine Gall bunaithe ar théamaí na féiniúlachta, an chultúir agus na saoránachta chun tacaíocht agus cuidiú a sholáthar do dhaoine aonair agus do ghrúpaí cruthaitheacha ó gach disciplín agus is cinnte go gcomhlíonann an tionscadal seo na prionsabail sin go léir.”

Dúirt an stiúrthóir agus an léiritheoir David Gilna: “Is seó é a cheiliúrann ealaíontóirí gairmiúla as Fine Gall ag taibhiú i Séipéal Chaisleán Shoird na 12ú hAoise a rinneadh athchóiriú air. Táimid ag iarraidh solas a shoilsiú sna hamanta dorcha seo d’ealaíontóirí. Aimsíonn na hEalaíona slí i gcónaí le hoiriúnú agus bhí mé an-bhródúil seó a stiúradh i gCaisleán mo bhaile dúchais le foireann aisteoirí agus criú den chéad scoth. Caithfear leanúint ar aghaidh leis an seó.”