441 - 450 of 3318 results
Tá Plean Gníomhaíochta in aghaidh Torainn d’Aerfort Bhaile Átha Cliath don tréimhse 2024-2028 déanta ag Comhairle Contae Fhine Gall.
The Plan contains a long-term strategy for managing the noise climate around Dublin Airport.
Fáiltíonn Fine Gall roimh thoscaireacht Chengdu chun comóradh 10 mbliana an nasctha a cheiliúradh anniversary
D’fhonn comhpháirtíocht deich mbilana a cheiliúradh, chuir Comhairle Contae Fhine Gall fáilte mhór roimh thoscaireacht ó Chengdu, an tSín, chun comóradh a dhéanamh ar a gcaidreamh nasctha 10 mbliana. Leag an chuairt béim ar chairdeas faoi bhláth idir an dá réigiún, a bhfuil malartú cultúrtha, comhoibriú eacnamaíoch agus comhthuiscint ina sainghnéithe dó.
Léiríonn an Plean Gníomhaíochta Nua in aghaidh Torainn gur ábhar imní fós é nochtadh torainn san oíche ag Aerfort Bhaile Átha Cliath
Leagann an Plean Gníomhaíochta in aghaidh Torainn d'Aerfort Bhaile Átha Cliath 2024-2028, atá foilsithe ag Comhairle Contae Fhine Gall, béim ar na gnéithe achrannacha a bhaineann le nochtadh torainn aerárthaigh ag an aerfort chomh maith le réimsí a shainaithint atá le feabhsú.
Léiríonn an Monatóir Eacnamaíoch Is Déanaí do Bhaile Átha Cliath gur Fhan an Eacnamaíocht Láidir i Ráithe 3
Léiríonn an Monatóir Eacnamaíoch is déanaí do Bhaile Átha Cliath, a d’fhoilsigh na Ceithre Údarás Áitiúil i mBaile Átha Cliath ar maidin, eacnamaíocht láidir i R3 2024, agus go raibh fás á thiomáint ag fostaíocht, caiteachas miondíola agus gníomhaíocht na hearnála príobháidí.
Faisnéis shuntasach a chuir ÚABÁC isteach faoi iarratas F23A/0781 oscailte do chomhairliúchán poiblí go dtí an 8ú Eanáir
Tá an fhaisnéis bhreise a chuir ÚABÁC isteach ar an 13ú Samhain maidir le hiarratas pleanála F23A/0781 suntasach mar a chinn an tÚdarás Pleanála. Tá tús curtha anois le comhairliúchán poiblí agus is é an 8ú Eanáir 2025, an spriocdháta le haghaidh tuairimí agus aighneachtaí tríú páirtí.
Bunachair shonraí & seirbhísí taighde
Aontaíonn Comhairleoirí buiséad na Comhairle de €389m do 2025
D’aontaigh Comhairleoirí aréir ar bhuiséad 2025 Chomhairle Contae Fhine Gall de €389m, sin ardú 7.5% ar an mbliain seo caite.
Clár Feabhsúcháin Áitiúil (LEP) 2025 ar oscailt anois d’iarratais ó Ghrúpaí Pobail Fhine Gall
Tá maoiniú ar fáil chun tacú le hoibreacha/feabhsuithe beaga caipitil, chun trealamh a cheannach d’úsáid an phobail; boird agus cathaoireacha, uirlisí agus comharthaíocht, ríomhairí glúine agus printéirí, lomairí faiche, téastair agus trealamh oiliúna srl., chomh maith le costais reatha ar nós costais leictreachais/teasa/árachais, táillí bruscair agus costais cíosa/ /léasa.
Rath ar Fhine Gall ag Gradaim Chomhlachas Tráchtála na hÉireann
Chomhoibrigh an Chomhairle le saineolaithe idirnáisiúnta falscaí, Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Claith agus le grúpaí pobail áitiúla chun straitéis bainistíochta falscaí réamhghníomhach a fhorbairt. Áiríodh leis seo an Seanghabhar Gaelach a athchóiriú go Ceann Bhinn Éadair