Bronnadh Stádas Brataí Goirme arís eile ar an Trá Mhín i bPort Mearnóg
Tá ríméid ar Chomhairle Contae Fhine Gall fáilte a chur roimh an mBratach Ghorm a bronnadh ar an Trá Mhín i bPort Mearnóg don bhliain 2020, arb é seo an 7ú bliain i ndiaidh a chéile inar bronnadh an bhratach ar an trá ó 2014 ar aghaidh. Bronnadh Gradam Cósta Glas freisin ar an Trá Mhín agus ar Thrá an Choinicéir i gCill Fhionntain.