Iarrann an Chomhairle Oidhreachta ar leanaí ar fud na tíre an oidhreacht áitiúil a thaispeáint ag baint úsáide as LEGO®
Tá an Chomhairle Oidhreachta ag éileamh ar leanaí ar fud na tíre úsáid mhaith a bhaint as a gcuid samhlaíochta an samhradh seo trí bhrící LEGO ® a úsáid chun an sampla is fearr leo d’oidhreacht thógtha, nádúrtha nó chultúrtha na hÉireann a athchruthú.