Seoladh Seachtain Gníomhaíochta Aeráide Bhaile Átha Cliath go hoifigiúil Dé Luain 12 Meán Fómhair
Ar Dé Luain, 12 Meán Fómhair, sheol Méaraí Chomhairlí Contae Átha Cliath Theas agus Fhine Gall, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin agus Ardmhéara Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath Seachtain Gníomhaíochta Aeráide Bhaile Átha Cliath go hoifigiúil san Ionad Cuairteoirí Cruinn, Cluain Dolcáin.