An Scéim Cóiríochta Cíosa - Eolas do Thionóntaí

Tugadh isteach an Scéim Cóiríochta Cíosa (SCC) le haghaidh daoine a bhfuil Forlíonadh Cíosa á fháil acu agus a bhfuil riachtanais tithíochta fadtéarmach acu nach féidir a chistiú óna n-ioncam féin. Is gá go mbeadh Forlíonadh Cíosa á fháil ag iarratasóirí ar feadh 18 mí ar a laghad.

Faoi SCC, cabhróidh d’údarás áitiúil féin chun conradh tionóntachta níos faide a dhaingniú le do thiarna talún reatha agus íocfaidh an t-údarás áitiúil an cíos go díreach leis an tiarna talún sin thar do cheannsa. Beidh cíos fós á íoc agat ach íocfaidh tú leis an údarás áitiúil é, seachas é a íoc leis an tiarna talún. Beidh Cíos Difreálach á íoc agat agus ríomhtar é sin faoi láthair mar 12% de d’ioncam.

Tabharfaidh SCC seasmhacht fhadtéarmach duit ó thaobh tithíochta.  Cinnteoidh SCC freisin go mbaineann cáilíocht agus caighdeán leordhóthanach le do chóiríocht phríobháideach ar cíos. Murab ionann agus Forlíonadh Cíosa, tá cead agat post a fháil agus tú ar SCC. Má fhaigheann tú post, féadfaidh tú fanacht sa scéim ach déanfar athmheasúnú ar do chíos i bhfianaise d’ioncaim nua.

Beidh tú incháilithe don scéim mar Thionónta In Situ má tá Forlíonadh Cíosa á fháil agat ar feadh 18 mí ar a laghad agus go bhfuil cinneadh déanta ag an údarás áitiúil go bhfuil riachtanas tithíochta fadtéarmach agat.

Tagann tionóntachtaí arna mhaoiniú faoin Scéim Cóiríochta Cíosa faoi rialú an Achta Leasaithe um Thionóntachtaí Cónaithe, 2016.

Ní mór do thiarnaí talún an t-iarratas ar SCC a thosú i gComhairle Contae Fhine Gall. Abair le do thiarna talún An Scéim Cóiríochta Cíosa do Thiarnaí Talún a fhiosrú.