Oideachas don Inbhuanaitheacht – bunscoileanna agus meánscoileanna

Sustainability Workshops 2025

Cabhraigh le roinnt de na bearnaí atá ann maidir le hoideachas litearthachta aeráide a líonadh trí cheardlann saor in aisce le hOideachas don Inbhuanaitheacht a chur in

áirithe, ar ceardlann í atá á hurrú ag Comhairle Contae Fhine Gall. Agus iad bunaithe ar thopaicí tráthúla agus ar ghníomhaíocht, tugtar do dhaltaí leis na ceardlanna sin na scileanna, na huirlisí agus an t-eolas a theastaíonn chun maireachtáil go hinbhuanaithe. Agus láithreoireacht agus gníomhartha idirghníomhacha ar áireamh i ngach ceann díobh, tacaíonn na ceardlanna le daltaí smaoineamh a fhorbairt ina thionscadal gníomhaíochta a mbeidh torthaí tomhaiste air. I measc na dtéamaí ceardlainne tá Caillteanas Bithéagsúlachta, Geilleagar Ciorclach, Gníomhú ar son na hAeráide, Ceartas Aeráide, Mearfhaisean, Bia agus Ithir, Gairmeacha Glasa, Gníomhú ar son Plaistigh, Fuinneamh In-athnuaite, Forbairt Inbhuanaithe agus Iompar Inbhuanaithe. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, cliceáil anseo

Chun d’áit a chur in áirithe, cliceáil anseo, nó seol ríomhphost chuig [email protected]