Mo Leabharlann Oscailte ag Leabharlann Bhaile Dúill

Is seirbhís nua í Mo Leabharlann Oscailte ag Leabharlann Bhaile Dúill. Soláthraíonn sé uaireanta oscailte breisithe, a cheadaíonn rochtain ar an leabharlann ó 8rn go 10in gach lá lena n-áirítear deireadh seachtainí agus laethanta saoire.

Is féidir le baill leabharlainne úsáid a bhaint as seirbhísí na leabharlainne ar bhonn féinseirbhíse lasmuigh de ghnáthuaireanta oscailte. Ní bhíonn aon bhall foirne i láthair nuair atá Mo Leabharlann Oscailte i bhfeidhm. Leanann uaireanta foirne ar aghaidh ar an ngnáthsceideal.

My Open Library Baldoyle Opening Hours

Uaireanta Oscailte Mo Leabharlann Oscailte Baile Dúill

Tá Mo Leabharlann Oscailte oscailte do dhaoine os cionn 16 bliana d’aois.  Ní féidir le daoine faoi bhun 16 bliana d’aois rochtain a fháil ach le tuismitheoir nó caomhnóir.

Ceisteanna Coitianta

1.        Cad iad téarmaí agus coinníollacha Mo Leabharlann Oscailte?

Leagtar amach i mbeartas Mo Leabharlann Oscailte téarmaí agus coinníollacha bhallraíocht Mo Leabharlann Oscailte chun timpeallacht fháilteach a chinntiú agus chun cearta agus sábháilteacht bhaill agus fhoireann na leabharlainne a chosaint. Léigh téarmaí agus coinníollacha iomlána Mo Leabharlann Oscaite anseo le do thoil sula gcláraíonn tú.

2.        Conas is féidir liom clárú le haghaidh Mo Leabharlann Oscailte ag Leabharlann Bhaile Dúill?

Tar éis duit Téarmaí agus Coinníollacha Mo Leabharlann Oscailte a léamh, comhlánaigh Foirm Chlárúcháin Mo Leabharlann Oscailte le do thoil. Caithfear an fhoirm a shíniú i láthair bhall foirne ó Leabharlann Bhaile Dúill.

3.        Cad iad na seirbhísí leabharlainne atá ar fáil dom le linn uaireanta oibriúcháin Mo Leabharlann Oscailte?

Is féidir le baill Mo Leabharlann Oscailte rochtain a fháil ar na gnáthsheirbhísí leabharlainne ar fad, mar shampla:

earraí a fháil ar iasacht agus a fháil ar ais

earraí curtha in áirithe a bhailiú

áis seomra cruinnithe pobail

WIFI

úsáid an idirlín agus ríomhairí poiblí agus táibléid iasachta

priontáil féinseirbhíse, fótachóipeáil agus scanadh

spás staidéir agus léitheoireachta

4.        Conas is féidir liom tuilleadh eolas a fháil faoi Mo Leabharlann Oscailte ag Leabharlann Bhaile Dúill?

Tabharfaidh an bhileog eolais seo a leanas eolas níos mionsonraithe duit faoi Mo Leabharlann Oscailte ag Leabharlann Bhaile Dúill.  Nó is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Leabharlann Bhaile Dúill ar 01-8906793 nó ríomhphost a chur chuig [email protected] chun labhairt le ball foirne de chuid na Leabharlainne.

Library Staff