Ceolchoirmeacha Mhullach Íde 2026 Scéim Crannchúr na dTicéad le haghaidh Cónaítheoirí na hÁite
Aithnímid go bhféadfadh tionchar díreach a bheith ag na ceolchoirmeacha a bheidh ar siúl i mí an Mheithimh agus i mí Meitheamh 2026 orthu siúd atá cónaí orthu i ngar do Dhiméin Mhullach Íde. Tá Comhairle Contae Fhine Gall geallta le chomhoibriú a dhéanamh le cónaitheoirí ha háite ina leith seo.
Beidh crannchur na dticéad á reáchtáil ag an gComhairle le haghaidh roinnt ticéad saor in aisce a chur ar fáil do chónaitheoirí na háite. Má tá d'áit chónaithe suite laistigh den gha pobail 1.5 km ar suíomh céim ceolchoirm, d’fhéadfá cáiliú le haghaidh iarratas a dhéanamh ar chrannchur na dticéad. Mar a tharla sna blianta roimhe seo, ní féidir geallúint a dhéanamh go mbeadh ticéad ar fáil do gach cónaitheoir agus ní féidir ach iarratas amháin a ghlacadh in aghaidh an teaghlaigh. Ní féidir ticéid a leithdháileadh le haghaidh cheolchoirmeacha ar leith.
Leagtar amach thíos na téarmaí agus na coinníollacha, an incháilitheacht agus na spriocdhátaí thábhachtacha a mbaineann le Scéim Chrannchur Ticéad Ceolchoirm Mhullach Íde.
Léigh na téarmaí agus coinníollacha go cúramach le do thoil.
Gheobhaidh áitribh laistigh den dobharcheantar incháilithe bileog le sonraí faoi conas iarratas a dhéanamh. Seachadfar bileoga idir 13 Aibreán agus 24 Aibreán 2026.
Dátaí Tábhachtacha
13 Aibreán 2026: Iarratais Oscailte.
Seolfar bileoga idir an 13ú - 24ú Aibreán 2026.
11 Bealtaine 2026: Dáta deiridh d’iarratais
Téarmaí agus Coinníollacha
Tá feidhm ag na téarmaí agus coinníollacha seo a leanas maidir le haon duine a dhéanfaidh iarratas ar an scéim Crannchuir Ticéad do Cheolchoirmeacha Mhullach Íde:
- Is é an spriocdháta le haghaidh iarratais ar thicéid ná 17:00, Dé Luain an 11 Bealtaine 2026. Ní ghlacfar le haon iarratais tar éis an ama sin.
- Chun clárú don tarraingt do thicéid do chónaitheoirí, bain úsáid as an gcód QR ar an mbileog a seachadadh ar na seoltaí incháilithe agus comhlánaigh an fhoirm iarratais ar líne.
- Tá na sonraí uile a bhailítear i gcomhréir leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003. Is lena n-úsáid ag Comhairle Contae Fhine Gall, agus ag an gComhairle sin amháin, a bhailítear aon fhaisnéis, agus ní nochtfar í d’aon tríú páirtithe.
-
Ní mór d’Éirchód a bheith ar áireamh i d’iarratas, agus úsáidfear é chun a fhíorú an bhfuil do sheoladh incháilithe. Tá clárú teoranta d’iarratas amháin (dhá thicéad) in aghaidh an Éirchóid. Más rud é go bhfaighfear níos mó ná iarratas amháin ón aon Éirchód amháin, dícháileofar GACH iarratas ón Éirchód sin.
-
Tarraingeofar ticéid trí chóras Crannchuir agus, dá bhrí sin, ní féidir ticéid a leithdháileadh do cheolchoirmeacha sonracha.
-
Is torthaí críochnaitheacha iad torthaí na tarraingthe crannchuir ticéad agus tá siad ceangailteach ar gach rannpháirtí ar gach slí. Ní rachfar i mbun aon chomhfhreagrais.
-
Cuirfear na torthaí in iúl do theaghlaigh rathúla tráth nach déanaí ná Dé hAoine, an 22 Bealtaine 2026.
-
Seachadfar na ticéid ar na hiarratasóirí rathúla leis an bpost cláraithe, agus iad á gcur chuig an seoladh agus chuig an Éirchód atá luaite ar an iarratas. Ní fhéadfar aon seoltaí ionaid a úsáid.
- Is lena n-úsáid phearsanta ag an gcónaitheoir sonraithe a rinne iarratas agus a chónaíonn laistigh den limistéar incháilithe, agus ag an duine sin amháin, atá aon ticéid a gheofar tríd an gCrannchur Ticéad do Cheolchoirmeacha Mhullach Íde.
- Ní athdhíolfar aon ticéid do chónaitheoirí ar shuíomh Gréasáin tánaisteach. Más rud é go bhfaighfear amach go bhfuil aon duine ag athdhíol a thicéid nó a ticéid, beidh an baol ann go gcealófar a thicéad nó a ticéad agus go ndiúltófar cead isteach sa láithreán ceolchoirme dó nó di. Déanfar é nó í a eisiamh ó aon tarraingt amach anseo freisin.
Catagóir 1
Is ar theaghlaigh a chónaíonn laistigh de limistéar Chatagóir 1 a leithdháilfear 80% de thicéid dea-mhéine do chónaitheoirí i ngach tarraingt. Féach an liosta thíos. Féadfaidh teaghlaigh a thagann faoi Chatagóir 1 iarratas amháin a chur isteach in aghaidh an teaghlaigh. Ní mór do gach cónaitheoir na Critéir Incháilitheachta a chomhlíonadh, i.e., Éirchód fíoraithe a bheith aige nó aici laistigh den limistéar sannta. Tar éis do sheoladh a chinneadh a bheith incháilithe, iontrálfar é sa tarraingt do thicéid dea-mhéine.
Abington (Dearg)
Ard na Mara
Corrán Ard na Mara
Halla Choill na Fuinseoige
Plásóg Ashleigh
Garrán Auburn
Garrán Auburn - Ardán na Spioróige/
an Chaipín Dhuibh/an Dreoilín agus an Ascaill
An Cúlbhóthar
Trá an Bhiséadaigh
Gort an tSrutháin
Páirc na Giolcaí
Ardán Carlisle
Árasáin Casino
Mainéar Ghort an Chaisleáin
Fraoch an Chaisleáin (Bóthar Mhulláin an Chaisleáin)
Cúirt Ardán an Chaisleáin
Páirc Radharc an Chaisleáin
Bealach an Chaisleáin
Bóthar an Teampaill
Ascaill/Bóthar/Plás/Páirc Chalfont
Lóiste Clareville
Ascaill Uí Chonghaile
Eachlann D’Alton
Bóthar Bhaile Átha Cliath
Rae an Inbhir
An Cuan Caoin
Gráinseach Galltroma
Plásóga Gaybrook
Lána Uí Anluain
Céide an Chnoic
Inbhear Íde
Lána Chionn Sáile (Dearg)
Cnoc Dara
Roschoill Lawson
Baile an Mhábaigh
Bóthar Mhullach Íde/Bóthar Bhaile Átha Cliath
Lána Mhic Riada
Clós Radharc an Mhuilinn (in aice le hArd na Mara)
Plásóga Radharc an Mhuilinn
Bóthar Radharc an Mhuilinn (os comhair Ard na Mara)
Páirc na Darach
Cúirt Oakleigh
An tSeansráid
Iostáin Parnell
Ascaill an Iarnróid/Cúirt an Iarnróid
Cúirt Ghort na Mara
Sonesta
Bóthar Shoird (ag trasnú Bhóthar Radharc an Mhuilinn agus Bhóthar Mhulláin an Chaisleáin)
Garrán San Aindrias
St. Ives
Ascaill San Maighréad
Páirc San Maighréad
Bóthar San Maighréad
Bailtíní San Sailbheastar
Lána Texas
An Bábhún
An Diamant
An Cuan
An Cnoc
Plásóg na Coille
Bóthar na mBallaí Buí (Thoir)
Catagóir 2
Is ar theaghlaigh a chónaíonn laistigh den limistéar seo a leithdháilfear 20% de thicéid dea-mhéine do chónaitheoirí i ngach tarraingt. Féadfaidh teaghlaigh a thagann faoi Chatagóir 2 iarratas amháin a chur isteach in aghaidh an teaghlaigh. Ní mór do gach cónaitheoir na Critéir Incháilitheachta a chomhlíonadh, i.e., Éirchód fíoraithe a bheith aige nó aici laistigh den limistéar sannta. Tar éis do sheoladh a chinneadh a bheith incháilithe, iontrálfar é sa tarraingt do thicéid dea-mhéine.
Chamley Park
Cnoc an Aba
Abington (Glas)
Céide Arianna
Ascaill na bhFolcadán
Lána Uí Chiara
Cuas/Garrán/Bóthar/Croit Mhulláin an Chaisleáin
Garrán/Ascaill/Radharc/Céide na Coille Duibhe
Corrán Uí Chonghaile
Eachlann an Teampaill
Bóthar an Inbhir
Siúlán an Inbhir
Bóthar Fhaoldroma (Thoir)
Ascaill/Mulláin/Corrán/Páirc/Plásóg/Faiche Gainsborough
Plásóg an Gharráin
Bóthar an Gharráin (i ndiaidh an Aird)
Bóthar an Gharráin (go dtí an tArd)
Radharc an Chuain
Sruthán an Choill
Hillcrest
Ardán San Séamas
Limistéar Uí Chillín
Corrán/Páirc/Cúirt/Ascaill Uí Chillín
Lána Chionn Sáile (Glas)
Marlaí
Áth an Mhuilinn
Cúirt Radharc an Mhuilinn
Plasóga Ghort an Chnocáin
Lóiste Ghort an Chnocáin
Páirc Ghort an Chnocáin
Mainéar Myra
An tSráid Nua
Oak Hall (os comhair an Bhábhúin)
Old Estuary Mill
Seanbhóthar na mBallaí Buí (Thiar)
Bealach/Páirc/Ascaill Pheadaí
Ascaill na Páirce
Iostáin an Rosaigh
Bóthar na Mara
Faiche Seabury
Corrán Seabury
Paráid Seabury
Céide Seabury
Clós Seabury
Siúlán Seabury
Mulláin Seabury
Plás Seabury
Lána Seabury
Garrán Seabury
Cúirt Seabury
Bóthar/Garrán/Céide/Páirc/Arda Chnocán na Mara
Mainistir/Ard Chnocán na Mara
Log an Chodlata
Sráid na Trá
Lána Bhaile an tSrutháin
Móinéir Bhaile an tSrutháin
Coill Bhaile an tSrutháin
Cúirt an Talbóidigh
Páirc/Ascaill/Bóthar an Talbóidigh
An Ghráinseach
An Fhaiche
An Seanmhachaire Gailf
An Meal
An tArd
Na Seiceamair
An Coinicéar
Lána Chlós an Bhaile
Warren Manor
Bóthar Wright
Sceideal Ceolchoirmeacha:
Dé Céadaoin, 10ú Meitheamh | Nick Cave & the Bad Seeds
Dé Sathairn, 13ú Meitheamh | Kingfishr
Dé Sathairn, 20ú Meitheamh | Kodaline
Dé Máirt, 23ú Meitheamh | Teddy Swims
Dé Céadaoin, 24ú Meitheamh | Katy Perry
Dé Sathairn, 24ú Meitheamh | Michael Bublé
Dé Domhnaigh, 28ú Meitheamh | Calvin Harris
Dé Máirt, 30ú Meitheamh| Maroon 5
Seolfar nuashonruithe maidir le ceolchoirmeacha m.sh. bainistíocht tráchta srl. ar mheáin shóisialta Chomhairle Contae Fhine Gall roimh an gceolchoirm. Lean na bealaí meáin shóisialta is fearr leat chun an t-eolas is déanaí a fháil.
Má tá riachtanais inrochtaineachta agat agus mura bhfuil tú in ann an t-iarratas ar líne a chomhlánú, glaoigh ar 01 8905000 agus iarr Roinn Oibríochtaí Bhinn Éadair agus Mhullach Íde.