Ullmhaígí le Seachtain na Gaeilge 2023 a cheiliúradh i bhFine Gall

seachtain na gaeilge

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag ullmhú chun ár dteanga agus ár gcultúr a cheiliúradh le linn Sheachtain na Gaeilge 2023. Tá an fhéile idirnáisiúnta Ghaeilge seo ar siúl ón 1-17 Márta agus a mana ag spreagadh gach duine pé Gaeilge atá acu a úsáid – Bain Triail Aisti. Tá imeachtaí na Comhairle ar siúl i Halla an Chontae, Sord sna Leabharlanna Áitiúla, i nDiméin Ard Giolláin agus in Ionad Seamus Ennis agus tá go leor imeachtaí eile á n-eagrú ag grúpaí Gaeilge ar fud an Chontae.

Ar an gCéadaoin 8ú Márta in Atrium Halla an Chontae, Sord, beidh ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge le Ceol, Craic agus Gaeilge ó 7 go 9in. Agus an ócáid ar siúl ag an am céanna le Lá Idirnáisiúnta na mBan tá sé oiriúnach go mbeidh an tsiamsaíocht á cur ar fáil ag triúr ceoltóirí sár-cháiliúla, Bernadette Nic Gabhann ar an bhfidil, Éilis Murphy ar an chonsairtín agus Megan NicFhionnghaile fidléir agus amhránaí. Bíonn an-tóir i gcónaí ar an ócáid bhliantúil seo a chuireann fáilte roimh dhaoine sa Chontae a bhfuil an Ghaeilge acu agus foireann Fhine Gall, agus spreagtar rannpháirtíocht an lucht féachana mar sin más mian leat a bheith páirteach agus amhrán a chasadh ar an oíche beidh fáilte romhat.

SNAG 2023 County Hall

Taispeánfar an scannán gleoite Gaeilge, Róise & Frank, inarb í Bríd Ní Neachtain an príomhaisteoir, in Ionad Ealaíne Séamus Ennis, an Aill, Déardaoin, an 9 Márta. Scannán iontach é seo do gach aoisghrúpa agus is fiú go mór do dhaoine mórthimpeall a dtaitníonn madraí leo é a fheiceáil, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh go gcuirfear an scannán ar siúl go speisialta agus fáilte roimh mhadraí ag 6pm agus beidh an gnáth-thaispeáint ar siúl ag 8.30pm. Insítear sa dráma grinn seo, atá suite ar Leithinis ghleoite na Rinne i gContae Phort Láirge, an scéal faoin tionchar dearfach a imríonn madra ar strae ar shaol na baintrí, Róise, agus cuirfidh sé meangadh gáire ar dhuine ar bith a fheiceann é agus cuirfidh sé ag gol agus gáire iad. Féach https://www.tseac.ie/events.

Cuirfidh an Príomhgharraíodóir, Dominica McKevitt agus an tOifigeach Gaeilge, Bernie Kelly, siúlóid dhátheangach ar siúl in Ard Giolláin, Baile Brigín, an 2 Márta. Casfar le chéile ag an mbealach isteach chuig na Seomraí Tae ag 11am.

Áirítear leis na himeachtaí i leabharlanna áitiúla ceol le hAntaine Ó Faracháin agus Nollaig Mac Carthaigh i mBaile Bhlainséir, Dé Luain, an 6 Márta ag 6:30pm, sa Ros an 10 Márta ag 3pm agus i mBaile Brigín an 11 Márta ag 2pm.  Cuirfear Club Leabhair Ghaeilge ar siúl i Leabharlann Dhomhnach Bat ar an 13 Márta ag 6.30pm chomh maith le hOíche Shóisialta do dhaoine fásta an 15 Márta ag 6.30pm.  Beidh go leor gníomhaíochtaí do leanaí ar siúl chomh maith,  Sorcas Dodhéanta Guido Fanzini Guido, Mullach Íde ar an 15 Márta agus Ióga as Gaeilge agus Cruthaigh Éan Scéil (Create a Word-Bird) san áireamh leis an údar do leanaí, Sadhbh Devlin agus beidh gach ceann ar siúl i roinnt leabharlann.

Guido Fanzini

Beidh go leor grúpaí pobail Gaeilge agus imeachtaí Pop Up Gaeltachta ar siúl freisin le linn Sheachtain na Gaeilge agus tá sonraí iomlána le fáil ar www.peig.ie nó ar na Meáin Shóisialta. I measc na samplaí bíonn Ciorcal Comhrá rialta ar siúl gach Satharn i Sord, Noah Cafe, Pavillions 11.30am, Domhnach Bat Cate's Cafe, agus Baile Brigín, Óstán Bracken Court, 12 meán lae. Beidh Pop Up Gaeltacht ar siúl i Duffy's, Mullach Íde ar an Déardaoin 2ú ag 8.30pm. Ar an 11ú Márta beidh an parkrun i Sord ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge le béim ar an nGaeilge agus pop up Gaeltacht ar siúl díreach in a dhiaidh. 

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comh. Howard Mahony, “Cuirtear díriú as an nua ar fáil i rith Sheachtain na Gaeilge gach bliain ar an nGaeilge agus spreagann imeachtaí a eagraíonn Fine Gall daoine ar gach aois agus cumas an teanga a úsáid ar bhealach dearfach agus taitneamhach.”

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach, “Tá ríméid ar Chomhairle Contae Fhine Gall, arís eile, an Ghaeilge a cheiliúradh agus tacú léi laistigh den Chomhairle agus den Chontae i rith fhéile Sheachtain na Gaeilge agus tá súil agam gur féidir leat freastal ar cheann de na himeachtaí. Táimid tiomanta do sheirbhísí Gaeilge a sholáthar agus is oiriúnach go dtosóidh grúpa eile d’Fhoireann Fhine Gall oiliúint don Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil i rith Sheachtain na Gaeilge.” 

Éascaíonn ár Leabharlanna agus Ionad Pobail Fhine Gall grúpaí agus ranganna Gaeilge ar bhonn leanúnach.

Chun teacht ar shonraí iomlána faoi imeachtaí Sheachtain na Gaeilge i bhFine Gall, féach www.fingal.ie/seachtain-na-gaeilge-2023   Bí cinnte go leanann tú sinn ar na Meáin Shóisialta chun teacht ar nuashonruithe agus caith súil ar ár n-ábhar laethúil sna meáin shóisialta de réir mar a dhéanaimid an teanga agus an cultúr a cheiliúradh agus a chur chun cinn ar Twitter ag @fingalcoco agus @fingallibraries agus ar Facebook, https://www.facebook.com/fingalcoco . 

Chun teacht ar eolas breise, déan teagmháil le [email protected]   

 

Antaine and Nollaig