Turas Oidhreachta Fíorúil Chaisleán Cnucha

Tá Turas Oidhreachta Fíorúil Chaisleán Cnucha curtha ar fáil ag Bailte Slachtmhara Chaisleán Cnucha. Léiríonn an turas físe 15 nóiméad Caisleán Cnucha san am atá thart ar shlí a thaitneoidh le daoine idir óg agus aosta, cibé más saineolaí staire nó oidhreachta iad nó nach ea.

Castleknock Virtual Tour Launched

Tá Turas Oidhreachta Fíorúil Chaisleán Cnucha curtha ar fáil ag Bailte Slachtmhara Chaisleán Cnucha. Léiríonn an turas físe 15 nóiméad Caisleán Cnucha san am atá thart ar shlí a thaitneoidh le daoine idir óg agus aosta, cibé más saineolaí staire nó oidhreachta iad nó nach ea.

Le hionchur ó dhaoine áitiúla mór le rá lena n-áirítear Bernard Brogan, peileadóir sinsearach CLG Bhaile Átha Cliath; An Dochtúir Noëlle Healy, peileadóir ban sinsearach CLG Bhaile Átha Cliath agus Sarah Hawkshaw, Oilimpeach na hÉireann, díríonn an físeán seo ar shráidbhaile stairiúil Caisleán Cnucha. Tugann sé léargas ar an ‘hurry up bell’ agus fuinneog Harry Clarke i Séipéal Naomh Bhríde agus teach tabhairne Myo, suíomh iar-cheárta gabha.  

Dúirt Méara Fhine Gall, An Comhairleoir Seána Ó Rodaigh: “Tá fíoráthas orm an turas fíorúil seo a sheoladh a chuimsíonn éagsúlacht an ama atá thart i gCaisleán Cnucha ar shlí chomh taitneamhach agus inrochtana.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhine Gall AnnMarie Farrelly: “Tréaslaím le Bailte Slachtmhara Chaisleán Cnucha as léiriú an turais seo, tá siad chun tosaigh leis an gcineál seo turas oidhreachta ar líne agus tá súil agam go spreagfaidh sé daoine eile déanamh amhlaidh.”

Dúirt Christine Baker, Oifigeach Oidhreachta Fhine Gall: “Tugann an tionscnamh seo faoi stiúir an phobail léargas ní hamháin ar oidhreacht Chaisleán Cnucha ach ar shuíomhanna agus ar fhoirgnimh nach mbíonn oscailte don phobal de ghnáth agus mar Oifigeach Oidhreachta Fhine Gall bhí an-áthas orm tacú lena fhorbairt.”

Castleknock Virtual Tour Launched