Tuilleadh aitheantas faighte ó tharla Gradaim na Brataí Glaise bainte amach ag Fine Gall

Tá fáilte curtha ag Comhairle Contae Fhine Gall roimh an nuacht ní hamháin go bhfuil Gradam na Brataí Glaise, a mbíonn go leor daoine á shantú, coinnithe ag sé láthair ar fud Fhine Gall ach go bhfuil aitheantas tugtha don obair chrua a rinneadh ar Ghairdín Pobail Sheantraibh trí Ghradam Pobail a bhronnadh air.

Santry Demesne Community Garden

Tá fáilte curtha ag Comhairle Contae Fhine Gall roimh an nuacht ní hamháin go bhfuil Gradam na Brataí Glaise, a mbíonn go leor daoine á shantú, coinnithe ag sé láthair ar fud Fhine Gall ach go bhfuil aitheantas tugtha don obair chrua a rinneadh ar Ghairdín Pobail Sheantraibh trí Ghradam Pobail a bhronnadh air.

Is iad Gradaim na Brataí Glaise an caighdeán tagarmhairc idirnáisiúnta do pháirceanna a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu agus do limistéir ghlasa ar fud na cruinne. Bhain tuairim is 2,300 láthair poiblí i 16 tír stádas na Brataí Glaise nó stádas Ghradam Pobail na Brataí Glaise amach.

Is iad seo na láithreacha i bhFine Gall a choinnigh stádas na Brataí Glaise sa bhliain 2021: Diméin Ard Giolláin, Diméin Mhullach Íde, Páirc na Mílaoise i mBaile Bhlainséir, Teach agus Feirm an Droichid Nua, Diméin Sheantraibh agus Páirc San Caitríona.

Chomh maith le Gairdín Pobail Sheantraibh, bronnadh Gradam Pobail ar an gCreig-ghairdín i Sord, an dara bliain as a chéile ar bronnadh an onóir sin air. Is ionann na Gradaim seo agus aitheantais ar an ndícheall a dhéanann grúpaí pobail chun feabhas a chur ar limistéar glas pobail.

Nuair a bhí an tAire Stáit d’Fhorbairt Pobail agus Carthanachtaí Joe O’Brien ag ardú na Brataí Glaise ag Caisleán Mhullach Íde ghlac sé buíochas le foireann na páirce agus le hoibrithe deonacha pobail as a gcuid obair chrua chun na gradaim a bhaint amach.

“Ón mbliain 2018 tá tacaíocht faighte ag An Taisce ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail chun an Bhratach Ghlas a leathnú amach inár limistéir atá faoi stiúir an phobail. Trí sin a dhéanamh bhíomar ábalta an leas is fearr a bhaint as luachanna agus caighdeáin Ghradam na Brataí Glaise ar mhaithe lenár bpobail agus leis an obair dheonach a dhéantar iontu.”

Seo mar a labhair Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh agus í ag moladh na n-éachtaí: “Tá ríméad orm go bhfuil an t-aitheantas breise faighte ag Fine Gall don roinnt áit ar éirigh leo dianchaighdeáin timpeallachta maidir le bainistiú limistéir ghlais a shárú agus barr feabhais a bhaint amach i dtaobh áiteanna a mheallann cuairteoirí.

“Is iontach an léiriú é ar phobail Fhine Gall agus ar an obair mhór atá ar bun idir an Chomhairle agus grúpaí deonacha go bhfuil ocht láthair againn anois a bhfuil Bratach Ghlas bronnta orthu. Is cuid lárnach iad na grúpaí deonacha sin chun a chinntiú go bhfuil teacht ag cách ar limistéir ghlasa agus go mbeidh siad ábalta leanúint den tairbhe iontach a bhaineann le ham a chaitheamh i dtimpeallachtaí d’ardchaighdeán faoin spéir a chur ar fáil.”

Is éard a dúirt Kevin Halpenny, Stiúrthóir Sinsearach Páirce i gComhairle Contae Fhine Gall: “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach ar bronnadh Bratach Ghas orthu. Is éacht amach is amach é go bhfuiltear ábalta na hardchaighdeáin a éilítear faoin scéim a bhaint amach agus is léiriú é sin ar an obair chrua atá déanta ag ár bhfoireann agus ag na hoibrithe deonacha chun limistéir faoin spéir a chruthú  le go mbainfidh daoine sásamh astu.”

Is painéal saineolaithe ar limistéir ghlasa a dhéanann moltóireacht ar Ghradaim na Brataí Glaise gach bliain, a thugann cuairt ar bhonn deonach ar láithreáin na n-iarratasóirí agus iad a mheas in aghaidh ocht ndianchritéar, lena n-áirítear caighdeáin ghairneoireachta, glaineacht, inbhuanaitheacht agus rannpháirtíocht phobail. Tá páirceanna bailte poiblí, páirceanna tuaithe, gairdíní, reiligí, páirceanna dúlra agus spásanna glasa ar fad incháilithe don ghradam.

Tuilleadh eolais:  https://www.fingal.ie/ga/trips/aimsigh-maoin-oidhreachta-pairc-no-spas-…
Iomhá: Gairdín Pobail Sheantraibh