Tugann Comhairle Contae Fhine Gall cuireadh do theaghlaigh an Ghaeilge a bhlaiseadh trí Bronntanas 2026
Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag tacú le Bronntanas 2026, ar féile é ina soláthrófar níos mó ná 50 imeacht saor in aisce ina dtabharfar cuireadh do leanaí agus do theaghlaigh ar fud Bhaile Átha Cliath “bronntanas na Gaeilge” a aimsiú tríd an gcruthaitheacht, tríd an gcultúr agus trí eispéiris chomhroinnte.
Reáchtáiltear an fhéile trí Gaeilge365, ar comhpháirtíocht é idir Comhairle Contae Fhine Gall, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin agus Comhairle Contae Átha Cliath Theas a chruthaíonn deiseanna trínar féidir le daoine an Ghaeilge a bhlaiseadh agus a úsáid sa ghnáthshaol laethúil.
Agus é ar siúl ón 14 Meán Fómhair go dtí an 4 Deireadh Fómhair, reáchtálfaidh Bronntanas clár imeachtaí a bheidh oiriúnach don teaghlach i leabharlanna agus i bpobail ar fud Bhaile Átha Cliath. Taispeánfaidh an fhéile go bhfuil an Ghaeilge ina cuid fháilteach thaitneamhach de shaol an teaghlaigh do dhaoine de gach aois agus de gach leibhéal líofachta.
Tá an clár deartha do leanaí atá idir 0-12 bliain d’aois agus dá dtuismitheoirí, dá gcaomhnóirí agus dá seantuismitheoirí. Áirítear leis an gclár scéalaíocht, amharclannaíocht, ceardlanna ceoil, gníomhaíochtaí ealaíon, eachtraí amuigh faoin aer agus eispéiris oidhreachta a sholáthrófar trí Ghaeilge nó go dátheangach, á chinntiú go mbraithfidh gach duine go bhfuil fáilte rompu.
Dúirt an Comh. Tony Murphy, Méara Fhine Gall: “Tugann Bronntanas deis iontach do theaghlaigh am a chaitheamh le chéile agus taitneamh a bhaint as raon leathan gníomhaíochtaí. Agus imeachtaí ar siúl ar fud Bhaile Átha Cliath, cruthóidh an fhéile cuimhní buana do leanaí agus do theaghlaigh agus spreagfar iad an tráth céanna an Ghaeilge a iniúchadh agus taitneamh a bhaint aisti."
I measc na mbuaicphointí beidh ceardlanna scríbhneoireachta rapanna le James Shannon ó Imlé, eispéiris cheoil chomhaimseartha le Lisa Murray, eachtraí cadhcála i nDún Laoghaire, seisiúin scéalaíochta, céilithe, agus ceardlanna ealaíon cruthaitheach. Reáchtálfar dúshlán laethúil teaghlaigh mar chuid de Bronntanas freisin, áit a spreagfar rannpháirtithe chun iniúchadh a dhéanamh ar an nGaeilge trí ghníomhaíochtaí spraíúla inrochtana sa bhaile.
Dúirt Aoife Ní Dhonaile, Oifigeach Nuálaíochta Gaeilge i gComhairle Contae Fhine Gall: "Tugann Bronntanas deis spraíúil mhealltach do theaghlaigh an Ghaeilge a bhlaiseadh trí na healaíona, tríd an gcultúr agus trí ghníomhaíochtaí comhroinnte. Tá ríméad ar Chomhairle Contae Fhine Gall tacú le tionscnamh lena gcabhraítear le daoine ceangal leis an teanga ar bhealaí cruthaitheacha fiúntacha."
Dúirt HK Ní Shioradáin, Stiúrthóir na Féile, freisin: "Bíonn níos mó daoine i gcónaí ag freastal ar imeachtaí Gaeilge mar go meallann an scéal, an ceol nó an t-eispéireas féin iad. Is mórábhar misnigh é sin, agus léiríonn sé go leanann an spéis sa Ghaeilge de bheith ag fás."
Choimisiúnaigh an fhéile ceathrar ealaíontóirí chun saothar nua a fhorbairt trí Ghaeilge freisin, agus na deiseanna cultúrtha atá ar fáil tríd an teanga á leathnú ar fud Bhaile Átha Cliath dá bharr sin.
Tá na himeachtaí uile saor in aisce, cé go bhfuil sé riachtanach áit a chur in áirithe roimh ré do chuid mhór gníomhaíochtaí. Tá an clár iomlán imeachtaí agus faisnéis áirithinte ar fáil ag bronntanas26 Oifigiúil: Instagram | Linktree