Trí Ghrúpa le hIonadaíocht a dhéanamh ar Fhine Gall i gComórtas Mórtas Ceantair IPB 2022

Beidh moltóireacht i gComórtas Mórtas Ceantair IPB 2022 i bhFine Gall ar siúl an tseachtain seo chugainn Dé Máirt agus Dé Céadaoin an 13 agus an 14 Meán Fómhair, agus beidh trí ghrúpa réidh le hionadaíocht a dhéanamh ar son an chontae sa chomórtas bliantúil thuaidh-theas a thaispeánann na samplaí is fearr d’fhorbairt pobail ar oileán na hÉireann.

POP Balbriggan Mens Shed

Beidh moltóireacht i gComórtas Mórtas Ceantair IPB 2022 i bhFine Gall ar siúl an tseachtain seo chugainn Dé Máirt agus Dé Céadaoin an 13 agus an 14 Meán Fómhair, agus beidh trí ghrúpa réidh le hionadaíocht a dhéanamh ar son an chontae sa chomórtas bliantúil thuaidh-theas a thaispeánann na samplaí is fearr d’fhorbairt pobail ar oileán na hÉireann.

Déanfaidh Bothán na bhFear Bhaile Brigín, Comhairle Pobail an tSeanbhaile agus Ionad Pobail agus Óige Radharc an Chnocáin i mBaile Átha Cliath 15 ionadaíocht ar an gComhairle i dtrí chatagóir éagsúla nuair a shroichfidh an fhoireann moltóirí Fine Gall an tseachtain seo chugainn.

Anois ina 20ú bliain, tá an comórtas, a eagraíonn Comhar Éireann, mar chuid d’iarracht chun caidreamh pobail níos fearr a chothú ar oileán na hÉireann. Iarann Mórtas Ceantair ar údaráis áitiúla in Éirinn, thuaidh agus theas, na grúpaí agus na pobail a ainmniú a dhéanann difríocht trí phobail a dhéanamh mar áiteanna le bheith bródúil astu.

Tá se cruthaithe gur éirigh Comhairle Contae Fhine Gall go iontach sa chomórtas seo, tar éis Gradam Údarás Áitiúil na Bliana in 2017 a bhaint amach agus níos mó ná 20 grúpa pobail buaite acu le fiche bliain anuas. Níos túisce i mbliana, bhuaigh Cumann Pobail Chois Bhá an duais iomlán don Chomharsanacht Uirbeach is Fearr i gcomórtas 2021 agus bhain bailte slachtmhara an Rois an dara háit is fearr sna daonraí os cionn 5000 catagóir.

I mbliana, beidh Bothán na bhFear Bhaile Brigín san iomaíocht i gcatagóir nua a leagann béim ar na gnéithe is fearr i bhFolláine an Phobail, agus beidh Ionad Pobail & Óige Radharc an Chnocáin ag seasamh an fhóid ar son phobail Bhaile Átha Cliath 15 Radharc an Chnocáin sa chatagóir Comharsanachtaí Uirbeacha. Agus an meall mór ar deireadh, déanfaidh Comhairle Pobail an tSeanbhaile ionadaíocht ar an sráidbhaile seo i gContae Fhine Gall Thuaidh sa chatagóir do dhaonra idir 300 agus 1000 duine.

Reáchtálfar na cluichí ceannais go luath i 2023, ag láthair atá le deimhniú i gCathair Bhaile Átha Cliath. Is í seo an chéad bhliain ó 2019 nach bhfuil an moltóireacht déanta go fíorúil, de bharr na paindéime, agus beidh Comórtas 2023 na bliana seo chugainn ar siúl ina iomláine i rith na bliana féilire, don chéad uair ó 2019 freisin.

Ag labhairt dó roimh an moltóireacht, dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony, “Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar na trí ghrúpa ó Fhine Gall a ghlac páirt i Mórtas Ceantair agus tá súil agam go leanfaidh siad ar aghaidh sa traidisiún láidir chun bród a chur ar Fhine Gall agus an Chomhairle sa chomórtas seo a aithníonn an tábhacht an-mhór a bhaineann leis an earnáil phobail agus dheonach i saol an chontae”.

Chuir Príomhfheidhmeannach CCFG AnnMarie Farrelly leis; “Tá obair iontach ár ngrúpaí deonacha, agus an tacaíocht láidir a fhaigheann siad ón Oifig Forbartha Pobail ríthábhachtach do folláine phobail an chontae agus ba mhaith liom gach rath a ghuí ar na trí ghrúpa ar an oíche.”

Chun tuilleadh eolais a fháil ar Mhórtas Ceantair, is féidir leat dul i dteagmháil le hoifigeach teagmhála na Comhairle, Rafe Costigan, ag 087-2203944 nó ag [email protected]

 

POP Mountview Community & Youth Centre
Oldtown Scene 2