Tráth den Fhuaim (Once Upon a Sound) ag DEALBH AN FHOLACHÁIN

Tá áthas ar Oifig Ealaíne Chomhairle Contae Fhine Gall ‘Tráth den Fhuaim (Once Upon A Sound) ag DEALBH AN FHOLACHÁIN’ a chur i láthair leis an gcraoltóir mór le rá Donal Dineen ag dul ar thuras taiscéalaíochta ceoil in éineacht le roinnt de na ceoltóirí ab fhearr sa tír.

Donal Dineen and Garrett Phelan

Tá áthas ar Oifig Ealaíne Chomhairle Contae Fhine Gall ‘Tráth den Fhuaim (Once Upon A Sound) ag DEALBH AN FHOLACHÁIN’ a chur i láthair.

Mar chuid de ‘Tráth den Fhuaim (Once Upon A Sound) ag DEALBH AN FHOLACHÁIN’ beidh an craoltóir mór le rá Donal Dineen ag dul ar thuras taiscéalaíochta ceoil in éineacht le roinnt de na ceoltóirí ab fhearr sa tír. Le chéile, inseoidh siad scéal a bhfuaim, na n-amhrán, na n-uirlisí agus na nasc acu leo.

I ngach sraith ceolfaidh siad ag DEALBH AN FHOLACHÁIN, dealbh leis an ealaíontóir Garrett Phelan a spreagann machnamh agus domhainéisteacht. Tá sí suite ar Inbhear Bhaile Roiséir, Áth Cliath Thuaidh, timpeallaithe ag daonra éan dúchasach agus imirceach éagsúil atá tar éis a neadacha a dhéanamh sa cheantar.

Dúirt David Healy, Méara Fhine Gall: ‘Úsáid nuálacha eile ar DEALBH AN FHOLACHÁIN i bPáirc Bhaile Roiséir is iad na taifeadtaí seo, agus gabhaim comhghairdeachas leo siúd atá i mbun na páirce a fhorbairt mar mhór-áis do mhuintir Fhine Gall, agus tá áthas orm go bhfuil na healaíne ag cur leis an bpróiseas sin.’

Dúirt Caroline Cowley, Comhordaitheoir Ealaíne Poiblí: ‘Leis an tsraith seo, tugtar deis dúinn rannpháirtíocht an phobail le DEALBH AN FHOLACHÁIN a leathnú, agus an pháirc á forbairt ina háis phoiblí agus aitheantas á thabhairt don nasc níos leithne atá ag an dealbh buan seo in go leor réimsí cultúrtha eile.

Sraith ar líne is ea ‘Tráth den Fhuaim (Once Upon A Sound) ag DEALBH AN FHOLACHÁIN, a thaifeadtar agus a chuirtear amach uair sa mhí. Beidh cuid de na ceoltóirí is spleodraí in Éirinn i bun agallaimh agus taispeántais mar chuid de Shraith an Fhómhair/ an Gheimhridh. An mhí seo, beidh taispeántas le Anna Mieke Bishop, ceoltóir comhaimseartha ceoil tíre ag caint le Donal faoin amhráin traidisiúnta 'Three Little Babes" agus an uirlis Harmonium. 

Dúirt Emer O’Gorman, Stiúrthóir Seirbhísí ‘Tá áthas orainn tacú leis an tsraith seo mar chuid dár n-infheistíocht shuntasach i nDEALBH AN FHOLACHÁIN i bPáirc Bhaile Roiséir, Lusca, ach go áirithe le linn Covid 19 nuair atá sé níos tábhachtaí ná riamh tacú le healaíontóirí, agus le ceoltóirí ach go háirithe toisc nach bhfuil mórán deiseanna ann dóibh dul ar chamchuairt ná ceol a sheinm faoi láthair, ócáidí a airímid uainn go mór iad.’

Beidh an togra ar siúl ag DEALBH AN FOLACHÁIN, buan-shaothar ealaíne poiblí leis an ealaíontóir Garrett Phelan. Tá sí suite ar Inbhear Bhaile Roiséir, Lusca, agus tá sí coimisiúnaithe ag Clár Ealaíne Poiblí Chomhairle Contae Fhine Gall.  Chruthaigh Garrett DEALBH AN FHOLACHÁIN mar Leacht don 21ú Aois, lena gcuimsítear feidhmeanna éagsúla trí chuireadh a thabhairt do dhaoine idirghníomhnú léi i réimsí an oideachais, an cheoil, an ghníomhaíochais, agus an phobail, chun tuiscint níos doimhne ar fheidhm na healaíne sa tsochaí a fhorbairt. Tá DEALBH AN FHOLACHÁIN suite in aice na mara agus faoi shlí imirce éan Inbhear Bhaile Roiséir, suíomh a chuireann i gcuimhne dúinn go bhfuilimid chomh nasctha sin leis an dtimpeallacht nádúrtha, le nósanna ár sinsir agus leo siúd a bhreathnaigh ar an nádúr mar threoir agus inspioráid dá dteanga, dá gceol agus dá n-ealaíon fadó.

‘Tar éis dom cúpla portráid de Donal Dineen a chruthú le deich mbliana anuas, céim nádúrtha a bhí ann cuireadh a thabhairt do Donal agus do na ceoltóirí agus ceol atá faoina choimeádaíocht a bheith páirteach in atmaisféar, brí agus imeartas DHEALBH AN FHOLACHÁIN ar an mbealach is nádúrtha is féidir.’- Garrett Phelan

Is mór an t-áthas atá orainn trí eagrán de ‘Tráth den Fhuaim (Once Upon a Sound) ag DEALBH AN FHOLACHÁIN’ a chur i láthair le Donal Dineen, fear a léiríonn ionracas agus dáiríreacht dá lucht féachana. D’fhorbair go den lucht féachana céanna sin a gcur amach ar an gceol i dteannta Donal le blianta anuas. Tá Donal leanúnach lena thiomantas do dhaoine a thabhairt le chéile, céadfa a spreagadh agus peirspictíochtaí úra ar an gceol a chur i láthair dá lucht féachana le scór bliain anuas.

Tá ‘Tráth den Fhuaim (Once Upon a Sound) ag DEALBH AN FHOLACHÁIN’ le hAnna Mieke Bishop le feiceáil ar chuntas Vimeo Ealaíon Fhine Gall ag https://vimeo.com/477121018 agus ag www.thehideproject.com

Le haghaidh tuilleadh eolais:
déan teagmháil le Caroline Cowley – Comhordaitheoir Ealaíne Poiblí - [email protected]

 

Instagram @thehideproject
Facebook @thehideproject

Anna Mieke Hide Sculpture