Tosaíonn an obair tógála ar Lánaí Rothaíochta Sábháilte ag an R132 Crois an Bhlácaigh go dtí Bóthar an Mhinistéara

Cuireann sé áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt gur ceapadh, tar éis próiseas na tairisceana a thabhairt chun críche, McAvoy Contracts Ltd chun tabhairt faoi fhorbairt Lánaí Rothaíochta Cosanta agus bonneagar sábháilte an tsiúil feadh an R132 ó Chrois an Bhlácaigh go dtí Bóthar an Mhinistéara.

Mayor wearing chain of office signs paper contract with man on right seated and woman on left seated. Team of men and women standing at rear.

Cuireann sé áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt gur ceapadh, tar éis próiseas na tairisceana a thabhairt chun críche, McAvoy Contracts Ltd chun tabhairt faoi fhorbairt Lánaí Rothaíochta Cosanta agus bonneagar sábháilte an tsiúil feadh an R132 ó Chrois an Bhlácaigh go dtí Bóthar an Mhinistéara. Príomhcuid de ithiomantas leanúnach Chomhairle Contae Fhine Gall maidir e feabhas a chur ar ghréasán an Taistill Ghníomhaigh i bhFine Gall atá sa tionscadal seo.

Tosóidh oibreacha ullmhaithe an tsuímh sna laethanta amach romhainn, a gcuirfidh tús le tionscadal bunathraithe ar leas an phobail áitiúil agus a fheabhsóidh sábháilteacht na rothaithe agus na gcoisithe sa cheantar chomh maith leo siúd ata ag tiomáint ann.

Cuid den tionscadal is ea Lánaí Rothaíochta Cosanta a thógáil ar an dá thaobh den bhóthar laistigh den crua-ghrua atá ann cheana féin. Laghdófar an luasteorainn ó 80km san uair go dtí 60km sa uair d'fhonn an tsábháilteacht a fheabhsú. Tá sé cruthaithe go laghdaítear riosca agus déine na dtimpistí de bharr laghduithe ar theorainneacha luais (ECFE https://www.itf-oecd.org/lower-speed-means-fewer-road-deaths ) agus léiritíonn an méadú suntasach at líon na mbásanna ar bhóithre na hÉireann le déanaí go soiléir go bhfuil gá lena leithéid beartas.

Tá Comhairle Contae Fhine Gall geallta leis an gcur isteach a íoslaghdú le linn na tógála. Ceaptar go gcuirfear an tionscadal i gcrích laistigh de thrí mhí, agus déanfaidh an conraitheoir na cónaitheoirí agus na gnólachtaí atá lonnaithe feadh an bhealaigh a uasdátú faoin obair ar feadh an ama. Moltar d'éinne ag taisteal sa cheantar súil a choinneáil ar uaddátuithe www.fingal.ie/activetravel/r132/lusk

Tá an tionscnamh seo ar aon dul le fís Chomhairle Contae Fhine Gall maidir leis an Taisteal Gníomhach, ag cur le bealaí níos sábháilte chun na scoile, ag cur feabhsú na sláinte meabhraí agus fisiciúla chun cinn, agus ag tabhairt tacaíocht d'aeráid níos glaine. Léiríonn an scéim mír ríthábhachtach eile de chuid líonra Taisteal Gníomhach Fhine Gall agus sinne ag obair i dtreo na scéimeanna ar leith a chomhcheangal i líonra rothaíochta Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath (MCBÁC).

Mayor, Chief Executive and Contractor signing contracts at desk

Ag cur fáilte leis an bhfógra, dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy, “Tá an-áthas orm bonneagar sábháilte na rothaíochta a fheiceáil faoin tuaith chomh maith leis na ceantair uirbeacha. Cuirfidh an scéim seo le sábháilteacht iad siúd ag rothaíocht agus ag siúl ar scoil, rud ar cheart a bheith ag gach leanbh gan imní.”

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, “Is mór an t-áthas a chuireann sé orm a fheiceáil go bhfuil an conraitheoir McAvoy Ltd ceaptha againn inniu agus sinne ar tí tús a chur leis an obair tógála. Dearadh an tionscadal sa chaoi go mbainfear uastairbhe as an suíomh  leis an crua-ghrua a athchóiriú mar lánaí rothaíochta faoi chosaint. Leis an dul chun cinn seo, leanann ár Aonad an Taistil Ghníomhaigh againne ag cur chun cinn misin bonneagar an Taistil Ghníomhaigh a chur ar fail i ngach aird an chontae.”

Dar le Noel McAvoy, ionadaí McAvoy Contracts Ltd, “Bainmid an-shásamh as bheith ag obair i gcomhar le Comhairle Contae Fhine Gall ar an mbonneagar riachtanach seo. Geallann ár bhfoireann gréasán na rothaíochta agus an tsiúil ar ardchaighdeán a chur ar fail agus a chuirfidh le saol an phobail áitiúil. Beimid ag teacht ar an suíomh go luath agus táimid súil go bhfeicfidh sibh ansin an méid atá ag athrú ar an bhfód."

Chief Executive shakes hands with Contractors McAvoy as R132 work gets underway