Toghtar Fionnuala May, Ailtire an Chontae, mar Uachtarán ar RIAI

Toghadh Fionnuala May, Ailtire Contae Fhine Gall, mar Uachtarán ar Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann (RIAI) don bhliain 2026-2027 tar éis do Chomhairle RIAI í a ainmniú don phost. Tá sí ar an 66ú duine, agus ar an gcúigiú bean, ag a bhfuil an post sin ó bunaíodh den chéad uair é sa bhliain 1839.

D’fhóin Fionnuala roimhe seo mar Leas-Uachtarán ar RIAI agus mar chomhalta de Chomhairle RIAI, agus rinne sí rannchuidiú ar fud roinnt mhaith réimsí de RIAI, lena n-áirítear oideachas, caomhantas agus rialachas. Le linn a gairme, d’oibrigh sí chun post an Ailtire laistigh den tseirbhís phoiblí a neartú agus chun ról na hAiltireachta i mbeartas poiblí a chur chun cinn.

Ag labhairt di tar éis í a thoghadh, dúirt Fionnuala May: “Is mór an onóir dom dul i mbun an róil mar Uachtarán ar RIAI don bhliain 2026-27 agus ionadaíocht a dhéanamh don ghairm. Tá sé beartaithe agam leanúint le ról an Ailtire in Éirinn sa lá atá inniu ann a chur chun cinn agus aird a tharraingt ar an obair a dhéanaimid chun foirgnimh mhaithe a chruthú agus chun áiteanna agus timpeallachtaí a mhúnlú a fheabhsaíonn an saol.”

Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Thar mo cheann féin agus thar ceann na gcomhairleoirí eile, déanaim comhghairdeas ó chroí le Fionnuala May faoina toghadh mar Uachtarán ar RIAI. Ó chuaigh sí isteach i gComhairle Contae Fhine Gall sa bhliain 1994, tá Fionnuala ag imirt ról tábhachtach maidir le forbairt an chontae, go háirithe mar Ailtire Contae le 14 bliana anuas. 

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Is onóir iontach d’Fhionnuala é seo, agus aithníonn sé an tionchar ollmhór atá imeartha aici ar an ailtireacht laistigh den earnáil phoiblí le linn a gairme céimiúla fada. Mar Ailtire Contae, stiúrann sí foireann ardfheidhmíochta a bhfuil ról lárnach aici maidir leis na leibhéil is mó riamh de bhonneagar caipitil a sholáthar ar fud an chontae, agus í comhdhéanta d’ailtirí a oibríonn i réimsí amhail tithíocht, foirgnimh phoiblí, oifigí corparáideacha agus foirgnimh oidhreachta.”

Fuair Fionnuala oiliúint mar ailtire in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, agus bhain sí céim amach sa bhliain 1988. D’oibrigh sí i gcleachtadh príobháideach ar thionscadail phríomhshrutha agus chaomhantais sular thug sí faoi chéim Mháistreachta sa Chaomhantas Uirbeach agus Foirgneamh sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sa bhliain 1993. Bronnadh an chéim sin uirthi sa bhliain 1994. Chuaigh sí isteach i gComhairle Contae Fhine Gall mar Ailtire sa bhliain 1994 agus d’fhóin sí mar Ailtire Tithíochta sa tréimhse 1994-2000, mar Oifigeach Caomhantais sa tréimhse 2000-2006 agus mar Ailtire Foirgneamh Poiblí sa tréimhse 2006-2011. Tá an post mar Ailtire Contae ina seilbh aici ó shin i leith.

Sealbhaíonn Fionnuala creidiúnú mar Ailtire Caomhantais Ghrád 1 ó RIAI.  Tá sí ina comhalta de ICOMOS Éireann, de Bhord Clárúcháin na gConraitheoirí Oidhreachta, de IGS, agus de Choiste Foirgneamh Stairiúil RIAI. Fónann sí ar bhord na Comhairle Oidhreachta (2016-2025), agus tá sí ina comhalta de Bhord Chartlann Ailtireachta na hÉireann.