An Taoiseach curtha ar an eolas maidir le Tionscadail Ár mBaile Brigín le linn cuairte

Cuireadh an Taoiseach Micheál Martin TD ar an eolas faoi Phlean Athghiniúna Ár mBaile Brigín nuair a thug sé cuairt ar an mbaile inné le haghaidh seoladh oifigiúil Institiúid Ceoil agus Amhrán na hÉireann.

Taoiseach Micheál Martin TD was presented with a copy of the Our Balbriggan Regeneration Plan by Mayor of Fingal Cllr Seána Ó Rodaigh outside the Our Balbriggan Hub in St George’s Square. Also in the photo are (from left): Cllr Grainne Maguire; Emer O’Gorman, Director of Economic Enterprise Tourism and Cultural Development at Fingal County Council; Minister for Housing, Local Government and Heritage, Darragh O’Brien TD; AnnMarie Farrelly, Chief Executive, Fingal County Council and Cllr Tony Murphy.

Cuireadh an Taoiseach Micheál Martin TD ar an eolas faoi Phlean Athghiniúna Ár mBaile Brigín nuair a thug sé cuairt ar an mbaile inné le haghaidh seoladh oifigiúil Institiúid Ceoil agus Amhrán na hÉireann.

Agus é ar shiúlóid ó Mol Ár mBaile Brigín i gCearnóg Sheoirse go dtí Cuan Bhaile Brigín, taispeánadh na suíomhanna le haghaidh roinnt mórthionscadal athnuachana a fuair maoiniú ón gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach (URDF) don Taoiseach, in éineacht leis an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD.

Labhair an Taoiseach agus an tAire faoin tionscadal athnuachana €50m le Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh; An Comhairleoir Tony Murphy; agus an Comhairleoir Grainne Maguire chomh maith le Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall AnnMarie Farrelly; Stiúrthóir Fiontraíochta Eacnamaíochta, Turasóireachta agus Forbartha Cultúir Emer O'Gorman; agus Ailtire Contae Fionnuala May. Bhuail sé freisin le roinnt d’fhoireann Chomhairle Contae Fhine Gall atá ag obair ar an tionscadal.

I measc na dtionscadal a taispeánadh don Taoiseach bhí Croí na Sráide Móire, an limistéar aon heicteár de spás nádúrtha glas ar feadh na hAbhann Duibhe a bheidh, le cabhair de bheagnach €7m de mhaoiniú URDF, le hathrú go Conair Ghlas a nascann Páirc Loch an Mhuilinn le lár Bhaile Brigín agus ag dul go dtí an Trá agus an Cuan. Tugadh an Taoiseach chomh maith go Sráid na Cé, an Cuan agus an Trá áit a ndéanfaidh breis is €11m de thacaíocht URDF an limistéar ar an dá thaobh den Tarbhealach Iarnróid a athrú ó bhonn.

Tar éis an turais ghairid, dúirt an Taoiseach go raibh sé an-tógtha le pleananna na Comhairle don bhaile: “Bhí mé i mBaile Brigín cheana agus caithfidh mé a rá go bhfuilim an-tógtha leis an bhforbairt atá ar bun anseo. Tá Clár Athghiniúna Ár mBaile Brigín fíor-spreagúil, agus sílim go n-osclóidh sé áilleacht nádúrtha iontach an cheantair seo agus an chósta agus an fhearainn phoiblí chun é sin a fheabhsú.”

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, go raibh áthas uirthi an áit a thaispeáint don Taoiseach agus labhairt leis faoina bhfuil beartaithe: “Fuair tionscadal athnuachana ‘Ár mBaile Brigín’ borradh suntasach anuraidh le faomhadh de bhreis is €25 milliún i Maoiniú URDF. Tá an baile le hathchóiriú trí infheistíocht de níos mó ná €50 milliún le fís uaillmhianach nua a bhainfidh, le tacaíocht ónár bpáirtithe leasmhara ar fad, lánacmhainneacht an bhaile amach.

“Níl aon amhras orm ach go mbeidh Institiúid Ceoil agus Amhrán na hÉireann i gcroílár seo. Tá tábhacht áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta i gceist le Ceoláras 400 suíochán a thógáil i mBaile Brigín. Bhí Comhairle Contae Fhine Gall i dteagmháil le IIMS ón tús, agus tá ár nOifig Fiontair Áitiúil, ár bhFoirne Ealaíne & Imeachtaí dochreidte agus Éire Ildánach ag tabhairt tacaíochta don tionscadal. “

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Ceadaíonn bronnadh breis is €25m faoin gCiste Forbartha Athghiniúna Uirbigh do thionscadail i mBaile Brigín don Chomhairle a cuid pleananna a chur chun cinn chun lár baile agus ceantar cuain athraithe a sheachadadh. Bhí sé iontach an deis a bheith againn an dul chun cinn atá déanta ar chúrsaí ó bronnadh an maoiniú orainn i mí an Mhárta seo caite a thaispeáint don Taoiseach agus don Aire.