Taiscéaladh agus Smaointeoireacht – Ar Oscailt Anois le haghaidh Iarratas
Tá áthas ar Oifig Ealaíon Fhine Gall, ag obair di i gcomhpháirt le húdaráis áitiúla Bhaile Átha Cliath, seoladh Dhámhachtain Sparánachta ‘Taiscéaladh agus Smaointeoireacht’ na bliana 2025/2026 a fhógairt.

Is creat comhoibríoch d’ealaíona na luath-óige i réigiún Bhaile Átha Cliath é ‘Taiscéaladh agus Smaointeoireacht’. Tosaíodh é sa bhliain 2016 nuair a chuaigh ceithre údarás áitiúla Bhaile Átha Cliath, mar atá Comhairle Contae Fhine Gall, Comhairle Contae Átha Cliath Theas, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, i gcomhpháirt den chéad uair riamh chun breithniú comhchoiteann a dhéanamh ar sholáthar ealaíona na luath-óige i réigiún Bhaile Átha Cliath.
Sa bhliain 2016, fuair na comhpháirtithe tionscadail cistiú faoin Scéim Cuireadh chun Comhoibriú de chuid na Comhairle Ealaíon chun taighde agus cruthú saothar ealaíne nua a choimisiúnú le cláir rannpháirtíochta áitiúla in ionaid ealaíon agus in ionaid neamhthraidisiúnta ealaíon.
I mí Eanáir 2019, d’óstáil an chomhpháirtíocht imeacht comhroinnte poiblí ag an gCeoláras Náisiúnta chun an saothar coimisiúnaithe a chomhroinnt agus chun machnamh a dhéanamh ar chleachtas ealaíona na luath-óige le healaíontóirí, le hoideoirí agus leis an lucht déanta beartas. Cuireadh foilseachán i láthair ar an lá ina ndoiciméadaítear an próiseas coimisiúnaithe, aschuir chruthaitheacha agus tionchair an chreata chomhoibríoch, mar aon le taighde breise a rinneadh i measc na n-ealaíontóirí agus na bpríomhphearsan. Bunaithe ar an athbhreithniú agus ar an aiseolas ón imeacht comhroinnte poiblí, tá sé mar aidhm leis na Dámhachtainí Sparánachta ‘Taiscéaladh agus Smaointeoireacht’ tacú le healaíontóirí atá ag teacht chun cinn agus ealaíontóirí seanbhunaithe ar mian leo cleachtas a fhorbairt in ealaíona na luath-óige.
Leithdháileadh na chéad Dámhachtainí Sparánachta ‘Taiscéaladh agus Smaointeoireacht’ sa bhliain 2019, agus iad ag cistiú raon tacaíochtaí d’ealaíontóirí. Sa bhliain 2023, tionóladh an dara himeacht comhroinnte poiblí i gCaisleán agus Gairdíní Mhullach Íde, Fine Gall, áit ar chuir faighteoirí roimhe seo a n-eispéiris agus a léargais i láthair do lucht féachana leathan. Sa bhliain 2024, leathnaíodh an clár chun deis meantóireachta cónaithe a áireamh faoi stiúir an Ollaimh Suzanne Zeedyk ag Institiúid Cheoil agus Amhránaíochta na hÉireann, Baile Brigín.
Sa bhliain 2025, chuir na comhpháirtithe tús le plé le Comhordaitheoirí Choiste Seirbhísí Bhaile Átha Cliath do Leanaí agus do Dhaoine Óga chun deiseanna a mhéadú do leanaí rochtain a fháil ar rannpháirtíocht sna healaíona agus leas a bhaint aisti. Anois, táimid ag tabhairt cuireadh d’ealaíontóirí iarratas a dhéanamh ar thacaíocht trí bhabhta nua de Dhámhachtainí Sparánachta chun a gcleachtas a fhorbairt tuilleadh sa bhliain 2026. Deonófar Dámhachtain Sparánachta amháin in aghaidh gach údaráis áitiúil lena mbaineann.
Raon na sparánachta: €4,000 – €5,000
Léigh an Fhaisnéis iomlán atá faoi iamh.
Aighneachtaí leictreonacha trí https://dlrcoco.submit.com/
An Dáta Deiridh ar a nGlacfar le hIarratais: 01.10.25
Cuirfear na torthaí in iúl d’iarratasóirí sa tseachtain dar tosach an 20.10.25.