Tagann Turas Trá Eitpheil na hÉireann go Baile Brigín

Beach Volleyball Balbriggan

Thug Turas Trá Eitpheil na hÉireann cuairt ar Thrá Bhaile Brigín i bhFine Gall an deireadh seachtaine seo caite le himeacht Rí/Banríon na Cúirte. Tá an fhormáid uathúil bunaithe ar an imeacht cáiliúil Utrecht Sportworx a tháinig chun cinn go domhanda le himeachtaí idirnáisiúnta san Astráil, sa Bhrasaíl agus sa Mheánoirthear.  Reáchtáladh an chéad Sraith Náisiúnta Rí/Banríon na Cúirte in Éirinn ar bhonn trialach i mBaile Brigín agus bhí sé oscailte do dheich bhFoireann na bhFear agus dó dhéag Fhoireann na mBan.

Imrítear Rí/Banríon na Cúirte le 5 fhoireann san iomlán, beidh 2 fhoireann sa pháirc, agus beidh na cinn eile ag fanacht lena seal taobh amuigh den Chúirt. Tá taobh rí na cúirte ann agus taobh an iomaitheora. Má bhuann an fhoireann ar thaobh an iomaitheora an babhta imeartha, bogfaidh siad go taobh an rí agus fágfaidh an fhoireann eile an chúirt agus beidh orthu fanacht lena seal chun seirbheáil arís ar thaobh an iomaitheora. Má bhuann an fhoireann ar thaobh an rí an babhta imeartha, fanfaidh siad ar thaobh an rí agus gheobhaidh siad 1 phointe. Ní féidir le foirne pointí a scóráil ach nuair a bhíonn siad ar thaobh an rí.

Dúirt Robert Burns, Stiúrthóir Seirbhísí Chomhairle Contae Fhine Gall “Bhain an imeacht Dé Sathairn le hEitpheil na hÉireann tairbhe iontach as ár n-áiseanna áitiúla agus ag an am céanna leag sé béim ar iarrachtaí leanúnacha Roinn Spóirt Fhine Gall agus Comhairle Contae Fhine Gall chun tacú le spóirt nua agus formáidí spóirt nua agus iad a chur chun cinn ar nós eitpheil trá chun cabhrú le rannpháirtíocht i spóirt agus caitheamh aimsire a mhéadú ar fud an chontae.”

Dúirt Gary Stewart, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Eitpheil na hÉireann: “Bhí fíoráthas orainn ár gcéad imeacht Turas Trá Eitpheil na hÉireann a óstáil ag Trá Bhaile Brigín. Tá an suíomh iontach go deo don spórt, le gaineamh foirfe don Eitpheil agus áiseanna áitiúla do lucht féachana agus imreoirí.

Tá ár gcur chuige dírithe ar an spórt a thabhairt d’áiseanna nua chun gníomhaíocht atá ag fás go tapaidh a thaispeáint agus a chur chun cinn. Chomh maith lenár dturas iomaíoch tá tionscnamh nua Eitpheil Shóisialta againn a thacaíonn le grúpaí seisiúin spraíúla a eagrú agus táimid ag obair le comhairlí ar fud na tíre chun cuaillí Eitpheile buana agus saor in aisce a shuiteáil – tá súil againn go smaoineodh Baile Brigín agus Comhairle Contae Fhine Gall ar a bheith ar an trá is déanaí chun an deis seo a thapú.

Ba mhaith le hEitpheil na hÉireann buíochas a ghabháil le hOifig Spóirt Fhine Gall agus Comhairle Contae Fhine Gall as tacú leis an imeacht.”

Dúirt Aoife Sheridan, Oifgeach Feidhmiúcháin Sinsearach ag Comhairle Contae Fhine Gall “Ba iontach an rud é Trá Bhaile Brigín a fheiceáil ina hóstach ar an gcéad imeacht Rí agus Banríon na Cúirte de chuid Eitpheil na hÉireann. Leanann Ár mBaile Brigín ag obair ar chur chun cinn an cheantair agus ar a bhfuil le tairiscint ag Baile Brigín agus tá fíoráthas orainn tacaíocht a thabhairt d’imeachtaí mar seo a léiríonn an taitneamhacht iontach atá i gceist le Trá Bhaile Brigín.”

Má tá suim ag éinne gníomhaíocht Eitpheil Shóisialta a bhunú is féidir leo teagmháil a dhéanamh le [email protected] a bheidh sásta na tacaíochtaí atá ar fáil againn a roinnt.

Beach Volleyball Balbriggan
Beach Volleyball Balbriggan
Beach Volleyball Balbriggan