Tagann Mná Gnó Fhine Gall i Láthair ina Sluaite ag Lá Náisiúnta Fhiontair na mBan 2025

D’óstáil Cathair Bhaile Átha Cliath Lá Náisiúnta Fhiontair na mBan i mbliana Déardaoin an 16 Deireadh Fómhair in Óstán Radisson Blu Royal ar Lána an Óir. 

NWED_Ambassador_photocall_32.j

D’óstáil Cathair Bhaile Átha Cliath Lá Náisiúnta Fhiontair na mBan i mbliana Déardaoin an 16 Deireadh Fómhair in Óstán Radisson Blu Royal ar Lána an Óir. 

An t-imeacht réigiúnach seo, ar oscail an tUas. Peter Burke TD, an tAire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta, é go hoifigiúil agus ar eagraigh na ceithre Oifig Fiontair Áitiúil i mBaile Átha Cliath é, is é príomhimeacht na hÉireann do mhná atá i mbun gnó é, agus é deartha chun fiontraíocht na mban a cheiliúradh agus chun dlús a chur léi. Agus breis agus 300 bean i láthair ar an lá, cuireadh fáilte le linn an imeachta, ar óstáil Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Oifig Fiontair Áitiúil Chathair Bhaile Átha Cliath é, roimh bhunaitheoirí agus ceannairí gnó den inscne bhaineann ó na ceithre limistéar údaráis áitiúil i mBaile Átha Cliath: Oifig Fiontair Áitiúil Chathair Bhaile Átha Cliath; Oifig Fiontair Áitiúil Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin; Oifig Fiontair Áitiúil Fhine Gall; agus Oifig Fiontair Áitiúil Átha Cliath Theas.

Ag labhairt di faoin Imeacht, dúirt Rose McGahan, Oifigeach Forbartha Fiontar Sinsearach in Oifig Fiontair Áitiúil Fhine Gall: “Is iontach an rud é an oiread sin daoine a fheiceáil agus iad ag teacht le chéile chun freastal ar ár n-imeacht réigiúnach. Ós rud é go bhfuil líonraí ban i mbun gnó ag fás i ngach ceann de na ceithre Oifig Fiontair Áitiúil i mBaile Átha Cliath le blianta beaga anuas, ní haon ionadh é go bhfuil breis agus 300 fiontraí láidir den inscne bhaineann againn atá ag iarraidh freastal ar an imeacht, foghlaim agus líonrú a dhéanamh chun a ngnó a fheabhsú agus a bhreisiú agus an leas is fearr a bhaint as, agus teacht chun bheith mar cheannairí gnó na todhchaí do Bhaile Átha Cliath.”

Bhí Jess Kelly ó Newstalk i gceannas ar an lá. D’fháiltigh Anthony Flynn, Leas-Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, roimh an lucht freastail sular oscail Peter Burke TD, an tAire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta, an t-imeacht go hoifigiúil. Ansin, thug an Comh. Ray McAdam, Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, aitheasc. Bhí an clár lán de láithreoireachtaí agus de sheisiúin spotsolais ó ghrúpa ilchineálach cainteoirí cumasacha.

Bhí Ciara Troy, bunaitheoir Oishii Foods, i láthair chun spreagaitheasc a thabhairt, agus í ag labhairt faoina haistear ó stalla margaidh a thosú i mBaile Átha Cliath go dtí an príomhbhranda súisí lámhdhéanta de chuid na hÉireann a thógáil. Tá Oishii Foods ag fás ina bhranda iontaofa ar fud na hÉireann ó shin i leith.

Bhí Helen McNulty, fuirseoir, scéalaí agus bean ghnó ar as Fear Manach ó dhúchas di, linn chun roinnt dá léargais uathúla a chur in iúl, rud a rinne sí ar bhealach greannmhar.

Chuir Alana Kirk, cóitseálaí saoil agus ceannaireachta, seisiún spotsolais i láthair dar teideal “Cé na creidimh atá ag cur bac ort, cén fáth a bhfuil siad agat agus conas iad a bhriseadh”, a bhí dírithe ar chabhrú le mná saol “níos fearr, níos dána agus níos gile” a bheith acu.

Bhí Louise O'Connor, ó Rethink Digital Advisory, i gceannas ar sheisiún dar teideal “Glacadh leis an teicneolaíocht chun do spriocanna a bhaint amach”, agus í ag tarraingt ar an 20 bliain de thaithí atá aici ar an gclaochlú digiteach.

Bhí comhrá cois tine agus plé painéil ann freisin le ceathrar Ambasadóirí Lá Náisiúnta Fhiontair na mBan de chuid Bhaile Átha Cliath: Sylvia Kennedy, a bhí ag déanamh ionadaíocht d’Oifig Fiontair Áitiúil Chathair Bhaile Átha Cliath; Wynne Li, a bhí ag déanamh ionadaíocht d’Oifig Fiontair Áitiúil Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin; Cuty Gupta, a bhí ag déanamh ionadaíocht d’Oifig Fiontair Áitiúil Fhine Gall; agus an Dr Mamobo Ogoro, a bhí ag déanamh ionadaíocht d’Oifig Fiontair Áitiúil Átha Cliath Theas. Ag deireadh an lae, thug Gráinne Denning, Ceann Fiontar (Gníomhach) in Oifig Fiontair Áitiúil Chathair Bhaile Átha Cliath, aitheasc clabhsúir, ar lena linn a leag sí béim ar an tábhacht a bhaineann le tacaíochtaí ó na hOifigí Fiontair Áitiúil a úsáid chun gnóthaí a fhás.

Bhí go leor deiseanna ag an lucht freastail líonrú agus comhoibriú a dhéanamh, rud a léiríonn an treocht a tháinig chun cinn tar éis phaindéim COVID-19 ina bhfuil fiontraithe ag lorg go gníomhach deiseanna chun comhoibriú le daoine atá ar aon intinn leo, agus rud a léiríonn luach na foghlama ar feadh an tsaoil freisin. Dearadh an lá chun rannpháirtithe a spreagadh chun nascadh le freastalaithe eile agus le comhlachtaí tacaíochta, á chinntiú go dtabharfadh siad plean abhaile leo chun leas a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil.
 

Nótaí don Eagarthóir

Roinnt staitisticí spéisiúla ó cheithre Oifig Fiontair Áitiúil Bhaile Átha Cliath

  • Oifig Fiontair Áitiúil Chathair Bhaile Átha Cliath: Tá méadú suntasach le feiceáil inár gcathair ar an líon gnóthaí atá faoi stiúir na mban agus atá ag lorg tacaíochta agus atá á fáil. Tháinig méadú ar an gcéatadán de thionscnóirí deontais rathúla ar mná iad ó 29% sa bhliain 2023 go 39% sa bhliain 2025 go dtí seo. B’ionann an céatadán de chuideachtaí atá faoi stiúir na mban agus 14% sa bhliain 2023 agus 28% sa bhliain 2025 go dtí seo.
  • Oifig Fiontair Áitiúil Fhine Gall: Tá Oifig Fiontair Áitiúil Fhine Gall ar thosach an tslua maidir le forbairt scileanna. Sa bhliain 2024, ba mhná iad dhá thrian, beagnach, de na rannpháirtithe uile in oiliúint, a raibh breis agus 4,035 dhuine iontu san iomlán. Ina theannta sin, ba do mhná a tugadh 46%, beagnach, de na sannacháin mheantóireachta ar fad.
  • Oifig Fiontair Áitiúil Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin: Chonaic an Oifig Fiontair Áitiúil sin fás iontach sa líon daoine a ghlac páirt i gcláir, agus méadú 28% ann ar an líon rannpháirtithe den inscne bhaineann a ghlac páirt i gclár ‘Do Ghnó Féin a Chur ar Bun’ idir an bhliain 2023 agus an bhliain 2024.
  • Oifig Fiontair Áitiúil Átha Cliath Theas: Tá méadú 23% á thuairisciú ag Oifig Fiontair Áitiúil Átha Cliath Theas sa bhliain 2025 go dtí seo ar an gcéatadán d’fhaighteoirí deontais atá den inscne bhaineann. Is léiriú é sin ar mhóiminteam den scoth san infheistíocht agus i bhfiontraíocht na mban.

Is ócáid bhliantúil í Lá Náisiúnta Fhiontair na mBan, atá ar an bhfód le 19 mbliana anuas. Eagraíonn na hOifigí Fiontair Áitiúil agus Fiontraíocht Éireann an ócáid chun fiontraíocht na mban a cheiliúradh agus chun tacaíochtaí agus seirbhísí do mhná atá ag iarraidh a ngnó féin a bhunú nó a leathnú a chur chun cinn. 

I mbliana, beidh 15 imeacht ar siúl ar fud na tíre ar lena linn a phléifear go leor topaicí difriúla agus a phléifidh cainteoirí éagsúla gach rud idir dóigheanna ar féidir le daoine a láithreacht ar líne a fheabhsú agus dóigheanna ar féidir leo gnó níos inbhuanaithe a bheith acu. Beidh saineolaithe ó gach cearn den saol i láthair ag na himeachtaí, mar aon le fiontraithe agus úinéirí gnó den inscne bhaineann a bhfuil taithí acu ar gach rud. Ní hé amháin gur do dhaoine a bhfuil gnó acu atá Lá Náisiúnta Fhiontair na mBan, ach is do gach duine atá sé. B’fhéidir go bhfuil smaoineamh iontach agat ach nach bhfuil a fhios agat conas an chéad chéim a thógáil nó b’fhéidir gur bhreá leat gnó a thosú sa todhchaí agus gur mhaith leat a fháil amach cén tacaíocht atá ar fáil.

Le haghaidh mionsonraí iomlána faoi Lá Náisiúnta Fhiontair na mBan, téigh chuig www.localenterprise.ie/NWED