Tá tús curtha ag an Údarás Inniúil um Thorann Aerárthaí (ANCA) le comhairliúchán poiblí 14 seachtaine agus tá sé ag lorg aighneachtaí agus tuairimí anois
Tá iarratas pleanála (F23A/0781) curtha isteach ag an údarás aerfoirt d’Aerfort Bhaile Átha Cliath (daa) chuig údarás pleanála Chomhairle Contae Fhine Gall lena lorgaítear cead le haghaidh forbartha ag an aerfort lena n-áirítear méadú ar an líon ceadaithe paisinéirí ag an aerfort ó 32 mhilliún paisinéir go 40 milliún paisinéir in aghaidh na bliana agus soláthar bonneagair aerfoirt.
Rinne ANCA measúnú ar an iarratas sin agus shainaithin sé bearta chun tionchar torainn na forbartha sin a laghdú laistigh de na tithe máguaird. Mar chuid den mheasúnú, rinne ANCA leasú freisin ar an gcuspóir laghdaithe torainn don aerfort agus rinne sé measúnuithe comhshaoil ar na bearta beartaithe. Tá sé mar aidhm leis an gcuspóir leasaithe laghdú breise a dhéanamh ar an líon daoine a bhíonn thíos le crá croí agus le cur isteach ar a gcodladh mar thoradh ar thorann ó aerárthaí.
Tá comhairliúchán poiblí ar oscailt anois ar feadh ceithre seachtaine déag, agus iarrann ANCA aighneachtaí agus tuairimí ar na dréachtbhearta, ar an gcuspóir laghdaithe torainn leasaithe, agus ar mheasúnuithe comhshaoil idir an 28 Bealtaine agus an 03 Meán Fómhair 2026.
Cliceáil ANSEO chun tuilleadh faisnéise a fháil agus chun aighneacht a dhéanamh.