Tá sé beartaithe go bhfuiltear chun an tSráid Nua i Mullach Íde a athrú go ceantar coisithe

Tá sé beartaithe do Mhullach Íde a bheith ar an gcéad cheantar i bhFine Gall chun ceantar coisithe nua a chur i gcrích i lár an tsráidbhaile, agus cuirfear blaiseadh den stíl Eorpach, amuigh faoin spéir, maireachtála ar chroílár an tsráidbhaile.

Tá an tSráid Nua, ina bhfuil go leor siopaí, búitíceanna, bialanna, caiféanna agus beáir suite, le bheith athruithe go ceantar a oireann do choisithe le linn an tionscnaimh thrialaigh 10 seachtaine.

Is tionscnamh é Walk Bike Fingal atá á rolladh amach ar fud an chontae agus a bhfuil sé de chuspóir aige an scaradh sóisialta a spreagadh agus a éascú do na saoránaigh agus iad ag tabhairt faoina gcuid gnó laethúil.

Táthar tar éis an conraitheoir a cheapadh agus cuirfear tús leis an obair Dé Luain lena ligfear do na miondíoltóirí, do na caiféanna agus d’úinéirí na mbialanna a ngnó dhéanamh amach ar an tsráid, rud a gcuirfidh blaiseadh den stíl maireachtála Eorpach leis an tsráid.

Tá spásanna páirceála breise curtha ar fáil in aice láimhe, i gCarrchlós Bridgefield atá suite ag an mbealach isteach ar Dhiméin Mhullach Íde. Beidh an pháirceáil saor in aisce ar fáil anois ag an láithreán seo ar feadh tréimhse dhá uair an chloig. Tá an Chomhairle tar éis roinnt spásanna páirceála Aoisbháúla a shuiteáil i lár an bhaile chomh maith.

Tháinig laghdú suntasach ar an trácht chomh maith le hathbheochan sa mhéid daoine atá ag siúl agus ag rothaíocht ar fud Fhine Gall, le linn phaindéim Covid-19 a bheith ann, agus mar gheall ar an gceantar nua seo a bheith ann, beidh coisithe in ann bogadh go sábháilte gan srian anois agus iad ag tabhairt faoina gcuid gnáthghnó laethúil.

Tá Comhairle Contae Fhine Gall tar éis é a phlé leis na geallsealbhóirí sa sráidbhaile agus tá Cumann Tráchtála Mhullach Íde, Fóram Pobail Mhullach Íde agus Coiste na mBailte Slachtmhara Mhullach Íde tar éis thacú leis an bplean.

Chomh maith leis sin, d’fhaomh na comhairleoirí ar Choiste Cheantar Bhinn Éadair-Mhullach Íde an tionscnamh trialach tar éis seisiún faisnéisithe a thug oifigigh de chuid na Comhairle.

An tseachtain seo chugainn, tá Comhairle Contae Fhine Gall chun a Tionscnamh Troscán Sráide 2020 a sheoladh lena gceadófar do chathaoireacha agus boird a bheith socruithe ar chosáin ionas go mbeifear in ann chun bia a fháil amuigh faoin spéir. Ón Déardaoin (an 18 Meitheamh) ar aghaidh, is féidir iarratais a dhéanamh agus sonraí a fháil faoi ag https://www.fingal.ie/council/service/street-furniture-licence

 

Dúirt Méara Fhine Gall, An Clr. Eoghan O'Brien: “Táim ag tnúth leis an scéim seo a bheith curtha i bhfeidhm, rud a fhágfaidh go mbeidh a lán dár sráideanna ar fud Fhine Gall athraithe ó bhonn. Is éard is cuspóir leis an scéim ná a chinntiú gur féidir le daoine cloí leis na treoirlínte maidir leis an scaradh sóisialta agus iad ag leanúint ar aghaidh lena saol laethúil ar an mbealach is sábháilte agus is féidir. Mar phobal i Mullach Íde agus i bhFine Gall araon, caithfimid an bealach a ndéanaimid rudaí inár mbailte agus inár sráidbhailte a athrú chun cloí leis an scaradh sóisialta ionas go mbeifear in ann a chinntiú go gcoimeádfar COVID faoi chois agus gur féidir le daoine leanúint ar aghaidh agus a saol a mhaireachtáil ar bhealach sábháilte."

Dúirt Derek Fowler, uachtarán Chumann Tráchtála Mhullach Íde: “Agus an tSráid Nua á oiriúnú le háirithiú do choisithe, déanfar cinnte de go mbeidh sí mar cheann scríbe do mhuintir na háite agus do dhaoine a théann go Mullach Íde ar chuairt araon, agus táthar ag súil go ngríosófar an gnó ar an tsráid agus ar an gceantar i gcoitinne mar gheall air. Mar gheall ar an gceantar a bheith teoranta do choisithe, beifear in ann scuaine atá ar aon dul leis an scaradh sóisialta a shocrú taobh amuigh de shiopaí agus d’áitribh ghnó agus spás a sholáthar do mhiondíoltóirí ag an am céanna chun a ngnó a sheoladh i dtimpeallacht níos sábháilte amuigh sa spás poiblí trí chead a thabhairt an trádáil/saoráidí a bheith seolta ar an tsráid agus chun freastal ar scuaine lasmuigh de na háitribh mhiondíola, gan bacainn a chur ar na coisithe dul thar bráid ar a só.'

Dúirt cathaoirleach Fhóram Pobail Mhullach Íde, Gerry Duggan: “Creidimid go rachaidh sé seo chun leasa go mór de na custaiméirí agus de na húinéirí siopaí araon agus cuideoidh sé tuilleadh le cosc a chur ar scaipeadh breise an Choróinvíris laistigh dár bpobal.  Is deis iontach é an clár trialach seo, in éineacht le forbairt Fhaiche an tSráidbhaile, chun spás poiblí a sholáthar do mhiondíoltóirí, do mhuintir na háite araon, chomh maith leis daoine a théann ann ar chuairt, agus tá súil againn go mbeidh daoine ag caitheamh níos mó ama, agus níos mó airgid chomh maith, go deimhin, i Mullach Íde, dá bharr, agus is maith an rud é mar gheall air sin don ghnó, don fhostaíocht agus do mhuintir Fhine Gall. Tá sé riachtanach, áfach, go gcuirfear na bearta cuí i bhfeidhm chun deimhniú go bhfuil feithiclí in ann rochtain a fháil ar Mhuiríne Mhullach Íde agus ar na háitribh cónaithe uile go réidh éasca.”

Dúirt Cathaoirleach Choiste na Bailte Slachtmhara Mullach Íde, Pat McNamara: “Táimid an-sásta an scéim seo a fheiceáil agus í rollta amach i Mullach Íde, lena ligfear do choisithe an tsiopadóireacht a dhéanamh agus brabhsáil a dhéanamh sna siopaí gan srian gan bhacainn ar an tSráid Nua den athuair. Sílim go gcuirfidh an tionscadal seo anam nua ar ais i gcroílár an tsráidbhaile lena spreagfar daoine chun bogadh timpeall gan stró gan eagla a bheith orthu roimh an truailliú ná an trácht.    Leis an méid sin tráchta atá ag teacht isteach go Mullach Íde le blianta beaga anuas, táthar tar éis an cuma a bhí ar an áit gur sráidbhaile deas beag atá ann a chailliúint, agus tá sé tar éis éirí a bheith mar bhealach mór a théitear tríd, agus tabharfaidh an tionscadal seo an beatha is an beocht ar ais go lár an tsráidbhaile agus beifear in ann cinnte a dhéanamh de mar gheall air go gcoinneoidh Mullach Íde atmaisféar an tsráidbhaile, seachas limistéir rochtana chun teacht a fháil ar bhailte eile sa cheantar."

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Mar chuid dár mbearta chun dul i ngleic leis an éigeandáil sláinte Covid-19, is tionscnamh nua é Walk Bike Fingal [Téigh ar Chos agus ar Rothar Fhine Gall] chun tacú le daoine agus le gnóthais iarracht a dhéanamh an gnáthshaol a bheith acu arís ar an mbealach is sábháilte agus is féidir.  Mar gheall ar na hathruithe sealadacha seo atáthar chun cur leis an réimse poiblí, táthar chun spás lasmuigh feabhsaithe ar fáil don saoránach chun taitneamh a bhaint as, agus cuideoidh siad le cuid do na gnóthais atá againn sa cheantar oscailt arís ar bhealach atá slán sábháilte."

Dúirt Stiúrthóir na nOibríochtaí i gComhairle Contae Fhine Gall, David Storey: “Is éard atá mar sprioc le hathchóiriú sealadach na Sráide Nua i Mullach Íde, i dteannta le cosáin, bóithre agus spásanna fearann poiblí eile i bhFine Gall ná chun cabhrú le gach duine atá ina chónaí ann dul amach le haghaidh na haclaíochta agus chun am a chaitheamh amuigh faoin spéir agus chun tacú le cuid dár ngnólachtaí áitiúla athoscailt agus a bheith in ann glacadh leis an riail srianta 2m maidir leis an scaradh sóisialta. Tá an méid sin rudaí sa saol againn athraithe ó bhonn mar gheall ar Covid-19 le tamall beag anuas agus caithfimid na saoráidí agus an bonneagar atá againn a oiriúnú chun cabhrú le muintir an cheantair seo againne."