TÁ NA GNÓLACHTAÍ CEARDAÍOCHTA AGUS DEARTHA IS FEARR I bhFINE GALL RÉIDH LE FREASTAL AR SHOWCASE 2026
Some oTiocfaidh roinnt de na gnólachtaí ceardaíochta agus deartha is fearr atá ag teacht chun cinn i bhFine Gall le chéile le breis agus 100 cuideachta ó áiteanna ar fud na hÉireann ag an Sárthaispeántas Fiontair Áitiúil le linn Showcase 2026 i gCumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS), a bheidh ar siúl ón 18 Eanáir go dtí an 20 Eanáir. Is é atá san imeacht seo ná deis uathúil do bhrandaí Éireannacha atá ag teacht chun cinn bualadh le ceannaitheoirí ó Éirinn agus ó áiteanna ar fud an domhain.
Tionscnamh de chuid na nOifigí Fiontair Áitiúil is ea an Sárthaispeántas Fiontair Áitiúil. Tá aige áit speisialta sa Showcase ina bhfuil raon de na dearthóirí is nuaí in Éirinn le feiceáil. Ag déanamh ionadaíocht d’Fhine Gall i mbliana tá:
- Church Lane Ceramics – Catherine McKeon (Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15)
Ealaín cheirmeach lámhdhéanta agus bronntanais arna spreagadh ag flóra agus oidhreacht na hÉireann, lena n-áirítear plaiceanna balla, lampaí agus seodra.
- Irish Whiskey Glass Ltd (Túath Glass) – Rosanna Goswell (na Sceirí)
Gloine blaiste uisce beatha arna dearadh go beacht lena gceiliúrtar oidhreacht na hÉireann agus lena bhfeabhsaítear an dea-bholadh agus an blas ag an am céanna.
- Nicola Weldon Art & Design – Nicola Weldon (Baile Brigín)
Saothair ealaíne cheirmeacha arna spreagadh ag luibheolaíocht agus bailiúchán earraí tí lánlínéadaigh lena gcuirtear áilleacht an dúlra le gnáthspásanna laethúla.
- Rablos Art Studio – Raquel Pablos (Sord)
Saothair ealaíne inbhuanaithe arna ndéanamh as faighneoga caife athchúrsáilte, as aicrilic agus as roisín, agus an chruthaitheacht á meascadh le dearadh éiceabhách.
- Snugz Play Limited – Fiona Synnott (Cionn Sáile)
Táirgí síceolaíochtbhunaithe do leanaí lena gcomhcheanglaítear scéalaíocht, bréagáin bhoga agus dearadh oideachasúil chun folláine mhothúchánach a chothú.
- Vitalorganico – Jackie Manzoni (Caisleán Cnucha, Baile Átha Cliath 15)
An chéad raon vitimíní lipeasóim agus na chéad bhindealáin folláine cadáis orgánaigh de chuid na hÉireann riamh, arna ndearadh le haghaidh sláinte agus folláine iomlánaíoch.
- Wineandwhiskeyracks – Derek Moore (Mullach Eadrad, Baile Átha Cliath 15)
Racaí lámhdhéanta galánta fíona agus uisce beatha le haghaidh taispeántas tí agus miondíola.
I measc na rannpháirtithe le déanaí ó Fhine Gall tá O’Rourke Art / Iconic Ireland, Run Baby Run Pottery, Túath Glass, Wineracks.ie agus Wonderfully Weathery Books (2025), chomh maith le Stories by Ola, Nicola Weldon, Clémence Prosen Art & Design, Rob Stears Illustrations, Waylon & Flo, Nicola McKenna Outsider Art, Karen Wilson Art agus O’Rourke Art & Design (2024).
Leis an imeacht, ar buaicphointe san fhéilire domhanda deartha agus ceardaíochta é, tarraingítear na mílte ceannaitheoirí ó Éirinn, ón Ríocht Aontaithe, ó Stáit Aontaithe Mheiriceá, ó mhór-roinn na hEorpa, ón Áise agus ón Afraic, rud a ghineann na milliúin euro in orduithe díolacháin. Cuirtear Showcase i láthair thar ceann Chomhairle Dearaidh agus Ceardaíochta na hÉireann, le tacaíocht ó Fhiontraíocht Éireann chun an taispeántas trádála a chur chun cinn ar fud an domhain trína líonra thar lear agus trí na hOifigí Fiontair Áitiúil ar fud na tíre.
Tá Oifig Fiontair Áitiúil Fhine Gall ag obair i ndlúthchomhar leis na gnólachtaí sin ar straitéisí marsantais, margaíochta agus díolacháin chun a chinntiú go mbainfidh siad an leas is fearr as na deiseanna ag an imeacht trí lá.
Dar le hOisín Geoghegan, Ceann Fiontair ag Oifig Fiontair Áitiúil Fhine Gall, cuireann an t-imeacht seo an deis is fearr ar fad ar fáil do ghnólachtaí ceardaíochta agus deartha atá ag teacht chun cinn:
“Is deis iontach d’aon ghnólacht atá ag tosú amach é a bheith nochta don oiread sin ceannaitheoirí ardchaighdeáin san aon áit amháin. Má éiríonn go maith le gnólacht ag an imeacht seo, d’fhéadfadh sé a leabhar don bhliain a líonadh agus tá seans maith ann go bhféadfadh sé comhpháirtíocht a d’fhéadfadh leanúint ar aghaidh ar feadh tréimhse níos faide fós agus cabhrú leis fás a bhunú. Cé nach dtarlóidh sé sin do gach gnólacht, beidh sé ina chuidiú dóibh amach anseo a bheith anseo, cliaint eile a fheiceáil, smaointe nua a fháil agus a gcuid scileanna margaíochta agus díolacháin a fhorbairt.”
Tá an Sárthaispeántas Fiontair Áitiúil ar cheann de roinnt tionscnamh atá á reáchtáil ag na hOifigí Fiontair Áitiúil chun fiontraíocht a chothú agus chun cabhrú le gnólachtaí beaga fás. I measc imeachtaí eile tá an tSeachtain Fiontair Áitiúil, Lá Náisiúnta Fhiontair na mBan, na Gradaim Náisiúnta Fiontair, an Clár Fiontraíochta do Mhic Léinn, agus an Sráidbhaile Fiontair Áitiúil ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig LocalEnterprise.ie.