Tá iarratais ar oscailt anois le haghaidh Dhámhachtainí Cónaitheachta Ealaíon ‘Taiscéalaíochta agus Smaointeoireachta’ na Luath-Óige

Leis an deis uathúil seo, tugtar cuireadh d’ealaíontóirí cónaitheachtaí ealaíon luath-óige a fhorbairt agus a sholáthar do leanaí (0-5 bliain d’aois) agus dá gcúramóirí atá ina gcónaí i gcóiríocht do dhaoine gan dídean ar fud réigiún Bhaile Átha Cliath. 

Cad a gheobhaidh ealaíontóir?  

  • Buiséad cónaitheachta is fiú suas le €13,000. 
  • Tacaíocht ó na hÚdaráis Áitiúla, ó Choistí na Seirbhísí do Leanaí agus do Dhaoine Óga, agus ó sheirbhísí cóiríochta.
  • Seisiúin éascaithe phiarfhoghlama agus cleachtais athmhachnaimh.
  • Deis chun comhoibriú le healaíontóirí eile agus/nó le cleachtóirí cruthaitheacha. 

Táimid ag lorg ealaíontóirí atá ag obair ar fud gach cineáil ealaíne, go háirithe iad siúd a bhfuil taithí acu ar obair le leanaí óga atá faoi mhíbhuntáiste. 

Tá cónaitheachtaí ar fáil sna háiteanna seo a leanas:

  1. Contae Fhine Gall 
  2. Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin 
  3. Contae Bhaile Átha Cliath Theas
  4. Cathair Bhaile Átha Cliath Thuaidh 
  5. Cathair Bhaile Átha Cliath Theas 

Is féidir mionsonraí a fháil ANSEO faoi Conas Iarratas a Dhéanamh

Leagan gnáth-théacs anseo

Má bhíonn riachtanais rochtana agat, déan teagmháil linn. Tá áthas orainn tacú leat. 

Teagmhálaí:  [email protected] , Oifigeach Óige agus Oideachais, Oifig Ealaíon Fhine Gall. 

Exploring & Thinking Early Childhood Arts Residency Awards