Tá Fine Gall réidh le fáilte a chur roimh mhórshiúlta bliantúla Lá Fhéile Pádraig agus imeachtaí a bheith ar siúl ar fud an Chontae

St Patrick’s Day parades schedule

Tá Fine Gall réidh le fáilte a chur roimh mhórshiúlta bliantúla Lá Fhéile Pádraig agus imeachtaí a bheith ar siúl ar fud an Chontae. Chomh maith lena paráidí a bheidh ar siúl i mBaile Brigín, i mBaile Bhlainséir agus i Sord, beidh Fine Gall ag tabhairt isteach paráid i Mullach Íde i mbliana freisin. Óstálfaidh grúpaí pobail ceiliúradh sa Ros, Lusca agus sna Sceirí ar 17 Márta freisin.

Mar is gnáth, tá fáilte roimh gach duine teacht agus taitneamh a bhaint as na feilte éagsúla a bhíonn ar siúl. Don bhliain seo, is iad seo a leanas na láithreacha agus na hamanna tosaigh:

  • Sord – 11.00 am
  • Baile Brigín – 12.00 pm
  • Ros – 1.00 pm
  • Baile Bhlainséir – 1.00 pm
  • Lusca – 1.30 pm
  • Mullach Íde – 2.00pm
  • Sceirí – 3.00 pm

Beidh os cionn dhá chéad grúpa ag glacadh páirt i bhféilte ar an lá, agus beidh príomhfhoirgnimh ar fud an Chontae soilsithe glas freisin chun an ócáid a chéiliúradh.

Dúirt Méara Fhine Gall, Comhairleoir Howard Mahony: Tugann Lá Fhéile Pádraig deis iontach do mhuintir Fhine Gall teacht le chéile chun ár n-oidhreacht agus ár stair a cheiliúradh. Is lá é a mbainfidh gach duine taitneamh as, agus tá áthas an domhain orm a rá go mbeidh limistéir riachtanas breise againn ag ár gceithre shuíomh paráide i mbliana.”

Chun na paráidí a éascú, cuirtear in iúl do chónaitheoirí go mbeidh bóithre dúnta agus malairt slí i bhfeidhm ag amanna éagsúla ar an Aoine 17ú Márta. Tá sonraí iomlána ar na bealaí agus dúnadh bóithre ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle.

Is féidir le cónaitheoirí aip Fingal Connect (AndroidApple) a íoslódáil chun bealaí agus léarscáileanna na paráide a fheiceáil ar ghairis mhóibíleacha.

Is mian le Comhairle Contae Fhine Gall a mheabhrú don phobal go mbeidh Dúnadh Bóithre Sealadach i mBaile Bhlainséir, i mBaile Brigín, i Sord agus i Mullach Íde, agus freisin sna Sceirí, sa Ros agus i Lusca ar an Aoine 17ú Márta chun Paráidí Lá Fhéile Pádraig a éascú trasna gach baile. *Beidh roinnt malairtí slí beaga tráthnóna Déardaoin chun seastáin amhairc a thógáil in áiteanna áirithe.

Beidh comharthaí malairtí slí le feiceáil go luath ar an Aoine agus iarrtar ar thiománaithe na malairtí slí agus treoracha ar bith ó bhall de na Gardaí nó ó mharascail paráide maidir le trácht atreoraithe a leanúint. Cuirfear deireadh le dúnadh bóithre agus malairtí slí chomh luath agus is féidir ag deireadh na bparáidí.

St Patrick's Days 23