Tá Fine Gall le spriocdhíriú ar dhumpáil a laghdú agus ar bhorradh a chur faoi athchúrsáil chun pobail níos glaine agus níos glaise a chruthú
A project is underway across Fingal to promote responsible waste disposable and address the issue of illegal dumping and fly-tipping

Mar chuid den iarracht leanúnach atá ar bun chun feabhas a chur ar an dóigh a láimhseálann teaghlaigh agus gnólachtaí a ndramhaíl, tá tús curtha ag Comhairle Contae Fhine Gall le tionscadal chun cabhrú le feasacht a mhúscailt maidir le hathchúrsáil, chun teaghlaigh a spreagadh chun páirt a ghlacadh i seirbhís bailithe dramhaíola agus chun dul i ngleic le dumpáil mhídhleathach sa chontae.
Gach bliain, caitheann Comhairle Contae Fhine Gall na mílte euro ag glanadh láithreacha dumpála. Tá an fhadhb ag leanúint ar aghaidh, áfach. Díreofar sa tionscadal um Fhodhlíthe Dramhaíola atá ar bun ar phríomhfhoinse na faidhbe, mar atá dramhaíl teaghlaigh agus tráchtála, chun cabhrú le Fine Gall a choinneáil glan agus chun a háilleacht nádúrtha a chosaint.
Is iad na príomhchuspóirí ná dumpáil mhídhleathach a laghdú, rátaí athchúrsála a mhéadú agus cabhrú le Fine Gall atá níos glaine, níos glaise agus níos sláintiúla a thógáil.
Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Rud atá ríthábhachtach chun tírdhreach álainn Fhine Gall a chosaint is ea a chinntiú go mbíonn córais leordhóthanacha bainistíochta dramhaíola i bhfeidhm. Cabhróidh an tionscadal um Fhodhlíthe Dramhaíola le timpeallacht Fhine Gall a chosaint trí dhiúscairt fhreagrach dramhaíola a chur chun cinn agus trí aghaidh a thabhairt ar fhadhb na dumpála mídhleathaí agus na diúscartha mídhleathaí.”

Mar chuid dá cur chuige, bhain an Chomhairle úsáid as faisnéis ó bhailitheoirí dramhaíola údaraithe chun cabhrú leis na tithe nach bhfuil aon seirbhís bailithe dramhaíola i bhfeidhm acu a shainaithint. Mar thoradh air sin, sheol an Chomhairle litreacha chuig breis agus 4000 teaghlach i bhFine Gall, agus í ag lorg soiléiriú ar an dóigh a mbainistíonn siad a gcuid dramhaíola.
I gcás nach dtabharfaidh sealbhóirí tí freagra don Chomhairle, déanfar cigireachtaí ó dhoras go doras ó lár mhí Lúnasa i leith. Mura féidir le teaghlaigh a mhíniú conas atá siad ag bainistiú a ndramhaíola, eiseofar fógra íocaíochta seasta €75 chun comhlíonadh na bhFodhlíthe Dramhaíola a spreagadh. Is é an sprioc ná comhlíonadh a uasmhéadú ar fud Fhine Gall gan dul i muinín caingean dlí. Tabharfar deis do shealbhóirí tí seirbhís bailithe dramhaíola chuí a chur i bhfeidhm chun comhlíonadh a bhaint amach.
Dúirt David Storey, Stiúrthóir um Ghnóthaí Comhshaoil agus Gníomhú ar son na hAeráide i gComhairle Contae Fhine Gall: “Bíonn ról le himirt ag gach duine dínn inár gcuid dramhaíola a bhainistiú agus sa chomhshaol a chosaint. Déanann dumpáil mhídhleathach ar fud Fhine Gall dochar don chomhshaol, déanann sí difear do shláinte an phobail, agus bíonn tionchar aici ar ár bpobail áitiúla. Ba mhaith linn dul i ngleic leis an bhfadhb sin trí nósanna freagracha dramhaíola a chur chun cinn agus Fine Gall atá níos glaine agus níos sláintiúla a sholáthar do chách."
Tá rabhadh á thabhairt do shealbhóirí tí freisin gan seirbhísí dramhaíola neamhúdaraithe ‘Fear i Veain’ a úsáid. Is neamhcheadaithe atá an-chuid de na hoibritheoirí sin, agus tugann siad dramhaíl teaghlaigh chuig ceantair iargúlta chun í a dhiúscairt go mídhleathach. Má aimsítear fianaise air sin, beidh an sealbhóir tí faoi dhliteanas fíneáil bruscair €150 a íoc. Tá baol ann freisin go ndéanfar ionchúiseamh agus go ngearrfar fíneálacha móra suas le €5,000 sa chúirt.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin Tionscadal um Fhodhlíthe Dramhaíola agus faoi conas is féidir leat do chuid dramhaíola a bhainistiú i gceart, téigh chuig https://mywaste.ie/dispose-waste/at-home/ agus https://www.fingal.ie/waste-bye-laws-project-2023-2026.
