Tá fáilte curtha roimh an leithdháileadh cistiúcháin ar Oifig Spóirt Fhine Gall don bhliain 2026, arb é an leithdháileadh is mó riamh é

Sport Funding 2026

Tá fáilte curtha ag Comhairle Contae Fhine Gall roimh an infheistíocht is mó riamh i gComhpháirtíocht Spóirt Fhine Gall don bhliain 2026. Is ionann é agus €435,563, atá cothrom le méadú is mó ná €60,000 ar an mbliain seo caite. Tacóidh an cistiú le cláir nua agus cuirfidh sé borradh faoin rannpháirtíocht sa spórt agus sa ghníomhaíocht fhisiciúil ar fud an chontae.

 

Leithdháileadh €405,563 i gCroíchistiú agus i gCistiú Clár ar Fhine Gall, agus leithdháileadh €30,000 sa bhreis ar chláir um Mná sa Spórt go sonrach. Tá méadú 78% tagtha ar rannpháirtíocht na mban agus na gcailíní i dtionscnaimh um Mná sa Spórt ar fud na tíre ó bhí an bhliain 2018 ann, rud a fhágann go bhfuil an cistiú seo ina infheistíocht shuntasach i dtacú le fás leantach agus le hionchuimsiú sa spórt.

Tá an cistiú seo mar chuid den €12.66 milliún san iomlán atá á leithdháileadh ar na 29 gComhpháirtíocht Áitiúla Spóirt, ar méadú 5.9% ó bhliain go bliain é. Anuraidh, ghlac breis agus 500,000 duine sa tír páirt in 2,211 tionscnamh ar sholáthair Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt iad. Ba mhéadú 48% é ó bhí an bhliain 2018 ann. 

Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Tá ríméad orm an infheistíocht is mó seo riamh i bhFine Gall ón Rialtas a fheiceáil. Déanann Oifig Spóirt Fhine Gall obair chomh hiontach sin ar an spórt a chur chun cinn do chách ar fud an Chontae. Idir dheontais ríthábhachtacha a sholáthar do chlubanna chun trealamh a cheannach, chúrsaí i gcumhdach leanaí a eagrú, nó imeachtaí ar nós Fhéile Spóirt Fhine Gall a reáchtáil, is eol dom go mbainfear dea-úsáid as an gcistiú seo.”

Tá Oifig Spóirt Fhine Gall ina ball de Líonra Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt Spórt Éireann, a thacaíonn leis an spórt trí chláir nuálacha a sholáthar, trí oiliúint a sholáthar, trí phróifíl an spóirt sa Chontae a threorú agus a ardú, agus rannpháirtíocht sa spórt agus sa ghníomhaíocht fhisiciúil á méadú ar fud an Chontae do chách ag an am céanna. Soláthraíonn foireann oifigeach spóirt tacaíocht pobail do ghrúpaí pobail, do chlubanna, do scoileanna agus do ghrúpaí gnó, agus tá sé mar aidhm aici freisin patrúin rannpháirtíochta ar feadh an tsaoil sa spórt agus sa ghníomhaíocht fhisiciúil a chruthú. 

Dúirt David Storey, Stiúrthóir um Ghníomhú ar son na hAeráide agus Taisteal Gníomhach: “Is scéala iontach don Chontae ina iomláine í an infheistíocht seo. Ba mhaith liom ár bhfoireann iontach Oifigeach Spóirt a mholadh, ar foireann í a leanann de chláir nuálacha tharraingteacha a sholáthar chun níos mó daoine a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa spórt ar fud an Chontae. Tá an leithdháileadh €30,000 ar chláir um Mná sa Spórt ar cheann de na leithdháiltí is airde sa tír, rud ar léiriú fíordhearfach é ar an líon ban agus cailíní atá ag glacadh páirt sa spórt go háitiúil. Comhghairdeas le gach duine lenar bhain.”

Is í an bhliain 2026 an chéad bhliain de shamhail cistiúcháin ilbhliantúil trí bliana Spórt Éireann. Is forbairt chlaochlaitheach í a thacóidh le pleanáil fheabhsaithe, le cobhsaíocht fórsa saothair, agus le húsáid níos straitéisí a bhaint as acmhainní laistigh d’eagraíochtaí spóirt. 

Dúirt Patrick O’Donovan, an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt: “Tá an infheistíocht seo ina léiriú ar thiomantas daingean ón Rialtas do bhunús spórt na hÉireann a neartú. Trí thacaíocht a thabhairt do na Comhlachtaí Rialaithe Náisiúnta don Spórt agus do Chomhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt, aithnítear an ról lárnach a imríonn siad maidir le rannpháirtíocht, feidhmíocht agus tionchar pobail a sholáthar ar fud na tíre.”

Women in Sport
Fingal Sports Fest