Tá cuireadh tugtha ag Coiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDC) Fhine Gall do ghrúpaí chun go gcuirfidh siad isteach ar chistiú le haghaidh ionad agus foirgneamh pobail

Tá cuireadh tugtha ag Coiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDC) Fhine Gall do ghrúpaí chun go gcuirfidh siad isteach ar chistiú le haghaidh ionad agus foirgneamh pobail

Tá cuireadh tugtha ag Coiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDC) Fhine Gall do ghrúpaí chun go gcuirfidh siad isteach ar chistiú faoin gClár um Fheabhsú Pobail (CEP) 2020 le haghaidh ionad agus foirgneamh pobail.

Tá sé i gceist go spreagfaidh an ciste nua seo ina bhfuil €192,805 san iomlán, geilleagair áitiúla trí dheontais chaipitil a sholáthar chun ionaid agus foirgnimh phobail a chothabháil agus a fheabhsú, agus d’fhéadfaí go gcuirfí leis sin oiriúniú agus trealamh a bhfuil gá leis de bharr COVID-19. Ceadófar caiteachas den chineál céanna ar áiseanna pobalbhunaithe eile.

Oibríonn an scéim ón Roinn Forbartha Tuaithe & Pobail faoi rialacha CEP atá ann cheana féin agus cruthaíonn sé deis le haghaidh grúpaí pobail gníomhacha rochtain a fháil ar chistiú chun a n-áiseanna a uasghrádú. Tá an cistiú dírithe ar bhearta a spreagfaidh geilleagair áitiúla, agus ag an am céanna cuirfear feabhas ar áiseanna a bheidh á n-úsáid ag daoine aonair agus ag an bpobal áitiúil.

Is féidir leis an gclár tionscadail chaipitil mórscála a mhaoiniú go hiomlán nó go páirteach chun dul i ngleic leis an míbhuntáiste. Tá 30% den chiste atá ar fáil imfhálaithe chun freastal ar dheontais chaipitil bheaga de €1,000 nó níos lú. Tá sé i gceist go n-úsáidfear an chuid eile den leithdháileadh chun tionscadail a chistiú suas go dtí €10,000.

Clúdaíonn an cistiú tionscadail chaipitil amháin. Sa chás go ndéantar oibreacha reatha agus caipitil ag an am céanna, ní féidir ach an ghné chaipitil a chistiú tríd an gClár seo.

Seo thíos liosta, nach liosta iomlán é, de samplaí de thionscadail chaipitil a d’fhéadfadh cistiú a fháil faoin gclár:

  • Forbairt/athchóiriú ar ionaid phobail
  • Cothabháil aon uaire d’áitreabh, gan gnáthchothabháil rialta a chur san áireamh
  • Áiseanna pobail
  • Clubanna Óige nó áiseanna a fhorbairt
  • Áiseanna spóirt/áineasa a fhorbairt
  • Páirceanna baile a fheabhsú mar aon le ceantair agus spásanna chomhchoiteann
  • Trealamh TCI
  • Feabhas a chur ar an ríocht phoiblí
  • Sráid-dreachú
  • Spásanna áineasa/súgartha a fhorbairt
  • Tionscadail a bhineanna le héifeachtúlacht fuinnimh
  • Trealamh a cheannach
  • Oiriúnú nó trealamh a bhfuil gá leis de bharr Covid-19

Ag labhairt dó i dtaca leis an gClár um Fheabhsú Pobail, dúirt Méara Fhine Gall, an Clr David Healy: “Cuireann na Scéimeanna CEP tacaíocht ríthábhachtach ar fáil do ghrúpaí pobail i bhFine Gall chun go gcuirfidís feabhas ar a n-áiseanna. Cuireann Comhairle Contae Fhine Gall an tacaíocht seo ar fáil mar tuigimid an ról lárnach atá ag grúpaí pobail maidir le folláine an phobail ar fud an Chontae. Soláthraíonn an scéim seo cistiú do thionscadail suas go dtí €10,000. Mar sin, ba chóir do ghrúpaí áitiúla a bhfuil áiseanna acu í a chur san áireamh chun go mbeidh siad ábalta feabhas a chur a gceantair áitiúla féin.”

Ag labhairt di faoin bhfógra, dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “ Cuireann Comhairle Contae Fhine Gall luach ar an obair a dhéanann ár ngrúpaí pobail agus tá súil agam go gcabhróidh an cistiu breise seo leo leanúint leis an obair thábhachtach a dhéanann siad ar fud ár gcontae. Iarraim ar na grúpaí seo eolas a chur ar an CEP agus cur isteach ar chistiú má mheasann siad go rachadh sé chun leasa go háitiúil.”

D’fháiltigh Emer O’Gorman, Stiúrthóir Seirbhísí de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall don Fhorbairt Eacnamaíoch, Fiontair agus Turasóireachta nuair a dúirt sí “Fáiltímid roimh an infheistíocht seo inár ngeilleagar áitiúil agus inár ngrúpaí pobail áitiúla. Cuireann an cistiú breise seo le tionscnaimh eile atá ar bun ag an gComhairle faoi láthair trí chuidiú leo gníomhaíocht forbartha áitiúil a spreagadh ag an am seo.”

Dúirt Declan Ryan, Príomhoifigeach ar Choiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDC) Fhine Gall freisin: “Tá an-rath ar an Scéim CEP i bhFine Gall le blianta beaga anuas agus ceadaíodh cistiú suntasach do Ghrúpaí Pobail ar fud an Chontae. Cé go bhfuil an ghnáthscéim CEP díreach tar éis dúnadh le haghaidh iarratas, tugann an Scéim nua seo, atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt d’Ionaid agus d’Áiseanna Pobail, deis do LCDC Fhine Gall níos mó cistithe a sholáthar do ghrúpaí pobail seanbhunaithe, go háirithe i dtaca le caiteachas ar rudaí a bhaineann le COVID-19.”

Tá an fhoirm iarratais agus treoirlínte ar line ar fáil ag https://fingalcoco.submit.com/show/9 agus ba chóir aon fhiosrúcháin a chur chuig  [email protected]

Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ná 4pm Dé hAoine, 25 Meán Fómhair 2020.

GHLACFAR LE hIARRATAIS atá DÉANACH.