Tá Ceithre Scoil i bhFine Gall i measc na 13 Scoil ar fud Bhaile Átha Cliath a Roghnaíodh don Chlár um Bealaí Sábháilte chun na Scoile
Tá ceithre scoil i bhFine Gall i measc na 13 scoil ar fud Bhaile Átha Cliath a roghnaíodh chun páirt a ghlacadh i mBabhta 5 den Chlár um Bealaí Sábháilte chun na Scoile mar chuid de leathnú náisiúnta a d’fhógair Darragh O’Brien TD, an tAire Iompair, an tAire Stáit Seán Canney TD, agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair (an tÚdarás).
Oibríonn Bealaí Sábháilte chun na Scoile le scoileanna agus le húdaráis áitiúla chun go mbeidh sé níos sábháilte agus níos fusa do leanaí agus do dhaoine óga taisteal ar scoil de shiúl na gcos, de rothaí, de rothar, agus de scútar. Trí mheascán d’fheabhsuithe bonneagair agus de thionscnaimh athraithe iompraíochta, cabhraíonn an clár le timpeallachtaí scoile níos sábháilte a chruthú, le plódú tráchta a laghdú, agus le taisteal níos inbhuanaithe a spreagadh.
Is iad na ceithre scoil i bhFine Gall a roghnaíodh do Bhabhta 5 ná Castleknock Educate Together National School (D15 X094), Hedgestown National School (K45 YP02), Mary Queen of Ireland National School (K67 E718), agus Riversdale Community College (D15 P380). Tá a gcur ar áireamh ina chuid den leathnú is déanaí ar an gclár, atá tar éis 83 scoil ar fud na tíre a chur leis agus lena dtacaítear anois le breis agus 600 scoil ar fud na hÉireann.
Dúirt an Comh. Tony Murphy, Méara Fhine Gall: “Bíonn ról lárnach ag scoileanna i saol an phobail, agus ba cheart na ceantair mórthimpeall orthu a bheith ina n-áiteanna ina mothaíonn leanaí agus teaghlaigh go mbíonn siad sábháilte agus go mbíonn fáilte rompu. Is é atá i gceithre scoil bhreise ar fud Fhine Gall a chur ar áireamh sa chlár um Bealaí Sábháilte chun na Scoile ná infheistíocht inár bpobail, rud a chabhraíonn lena chinntiú go leanfaidh timpeallachtaí scoile le freastal ar riachtanais na scoláirí agus na dteaghlach, agus comharsanachtaí níos inrochtana agus níos inbhuanaithe á gcothú ag an am céanna.”
Fágann an iontógáil is déanaí gurb ionann agus 118 scoil an líon iomlán scoileanna ar fud Bhaile Átha Cliath atá ag glacadh páirt sa chlár. Ó seoladh é sa bhliain 2021 i leith, tá Bealaí Sábháilte chun na Scoile tar éis teacht chun bheith ar cheann de na tionscnaimh taistil ghníomhaigh is mó in Éirinn, agus é ag tacú le scoileanna agus le húdaráis áitiúla feabhas a chur ar shábháilteacht agus taisteal gníomhach a spreagadh le haghaidh gnáth-thurais laethúla scoile.
Dúirt David Storey, Stiúrthóir Seirbhísí um Chomhshaol, Gníomhú ar son na hAeráide, Taisteal Gníomhach agus Spórt i gComhairle Contae Fhine Gall: “Tá ríméad orainn a fheiceáil go bhfuil ceithre scoil eile i bhFine Gall ar áireamh sa chlár um Bealaí Sábháilte chun na Scoile. Leis an scéim, spreagtar taisteal gníomhach agus cuirtear nósanna
folláine chun cinn ó aois óg i leith. Is mó an seans go dtaistealóidh leanaí de shiúl na gcos, de rothaí nó de rothar nuair a bhíonn na bealaí dea-dheartha agus inrochtana, agus is féidir le tuismitheoirí agus caomhnóirí níos mó muiníne a bheith acu as a dturas chun na scoile agus amach aisti dá réir. Is é an toradh a bheidh ar na feabhsuithe sin ná go spreagfar níos mó teaghlach chun taisteal gníomhach a roghnú mar chuid dá ngnáthamh laethúil.”
Cistítear an clár trí Chlár Infheistíochta Taistil Ghníomhaigh an Údaráis Náisiúnta Iompair thar ceann na Roinne Iompair agus comhordaíonn An Taisce é. Cuirtear an clár i gcrích i gcomhpháirt le húdaráis áitiúla, agus tá timpeallachtaí scoile ar fud na tíre bunathraithe chun feabhais aige cheana féin. I measc na bhfeabhsuithe tá cosáin uasghrádaithe, trasrianta coisithe feabhsaithe, marcanna bóthair ildaite, agus na mullaird shainiúla i gcruth peann luaidhe a bhaineann le tionscadail um Bealaí Sábháilte chun na Scoile.
Dúirt Darragh O’Brien TD, an tAire Iompair: “Tá ríméad orm an chéad bhabhta eile den Chlár um Bealaí Sábháilte chun na Scoile a sheoladh go hoifigiúil. Ós rud é go bhfuil 83 scoil eile curtha ar áireamh i mBabhta 5, tá breis agus 600 scoil ag glacadh páirt ghníomhach sa Chlár anois. Tá fíorthairbhí á soláthar ag Bealaí Sábháilte chun na Scoile do phobail trína chur ar chumas níos mó leanaí taisteal go sábháilte chun na scoile de shiúl na gcos, de rothaí, nó de rothar, rud a laghdaíonn plódú tráchta agus a chabhraíonn le pobail níos sláintiúla agus níos inbhuanaithe a chruthú do na glúnta atá le teacht.”
Leanann an clár le torthaí intomhaiste a bhaint amach ar fud na tíre. Léirítear i suirbhéanna ó scoileanna inar críochnaíodh oibreacha bonneagair go bhfuil méadú 49%, beagnach, tagtha ar an rothaíocht chun na scoile, go bhfuil méadú 8% tagtha ar an siúl chun na scoile, agus go bhfuil méadú 17.5% tagtha ar thaisteal de scútar chun na scoile. Léirítear iontu ag an am céanna go bhfuil laghdú os cionn 10% tagtha ar úsáid carranna.
Dúirt Gayle Byrne, Príomhoide Gníomhach Pope John Paul II School, Mullach Íde: “Tá difríocht shuntasach déanta don tsábháilteacht timpeall ár scoile ag na feabhsuithe a cuireadh i gcrích tríd an gclár um Bealaí Sábháilte chun na Scoile. Tá sé tugtha faoi deara ag tuismitheoirí agus ag baill foirne go mbíonn dálaí tráchta níos suaimhní ann ag amanna fágála agus ag amanna bailithe, rud a chabhraíonn le scoláirí taisteal chun na scoile agus amach aisti le tuilleadh muiníne. Ghlac ár bpobal scoile go han-mhaith leis an tionscadal.”