Tá breis agus 1,800 dalta ó Bhaile Átha Cliath tar éis páirt a ghlacadh i Seó Sábháilteachta Bóthair AXA, agus an líon básanna ar bhóithre ag méadú i láthair na huaire

Tá breis agus 1,800 dalta ó Bhaile Átha Cliath tar éis páirt a ghlacadh i Seó Sábháilteachta Bóthair AXA, agus an líon básanna ar bhóithre ag méadú i láthair na huaire 

Crowds gather outside the Helix for Axa Roadsafe Roadshow 2025

Ghlac breis agus 1,800 dalta Idirbhliana ó áiteanna ar fud Chontae Bhaile Átha Cliath páirt sa 19ú Seó Sábháilteachta Bóthair bliantúil de chuid AXA ag The Helix an tseachtain seo. Tá sé mar aidhm leis an tionscnamh sábháilteacht ar bhóithre a chur chun cinn i measc aosaigh óga, ar grúpa atá i mbaol díréireach é. Léirítear sa taighde go bhfuil seans 85% níos airde ann go mbeidh tiománaithe faoi bhun 24 bliana d’aois páirteach i dtimpiste bhóthair ná mar atá siad siúd atá os cionn 25 bliana d’aois.
 
Dar leis an nGarda Síochána, fuair seachtar bás ar bhóithre i bhFine Gall, Baile Átha Cliath, sa bhliain 2024, agus 58 nduine eile ag fulaingt díobhálacha tromchúiseacha. Ar fud na tíre, go dtí seo i mbliana, fuair 150 duine bás ar ár mbóithre, seisear níos mó ná mar a bhí amhlaidh sa tréimhse chéanna sa bhliain 2024, rud a léiríonn an tionchar tubaisteach a bhíonn ag timpistí bóthair ar theaghlaigh agus ar phobail fós.
 Ina theannta sin, eisíodh fíneálacha chuig breis agus 18,000 duine aonair as fón póca a úsáid agus iad ag tiomáint.

Students look on at a member of the Emergency Services giving a crash reenactment demonstration at axa roadsafe roadshow

Ag labhairt dó ag Seó Sábháilteachta Bóthair AXA i mBaile Átha Cliath, dúirt Mick Comerford, Stiúrthóir Retail Direct, AXA: “I gcás tiománaithe óga Bhaile Átha Cliath, is garsprioc iontach ina saol é dul os comhair roth cairr den chéad uair riamh agus foghlaim conas tiomáint. Mar sin féin, is éard atá ag gabháil leis an neamhspleáchas breise sin ná an fhreagracht as tiomáint go sábháilte ar do shon féin agus ar son gach úsáideora bóithre. Léirítear inár sonraí go bhfuil seans i bhfad níos airde ann go mbeidh tiománaithe óga páirteach i dtimpistí bóthair ná mar atá tiománaithe níos sine. Tá sé mar aidhm le Seó Sábháilteachta Bóthair AXA daoine óga atá ar tí tiomáint a fhoghlaim a chur ar an eolas ar bhealach macánta díreach gur féidir le tiomáint chontúirteach beatha daoine a scriosadh.”
 
Eagraítear Seó Sábháilteachta Bóthair AXA i gcomhpháirt le Comhairle Contae Fhine Gall, leis an nGarda Síochána agus le seirbhísí éigeandála áitiúla, agus tá sé mar aidhm leis cur síos lom fíorshaoil a thabhairt ar na rioscaí ar ár mbóithre.

Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Ní féidir liom a dhóthain béime a leagan ar a thábhachtaí a bhíonn imeachtaí amhail Seó Sábháilteachta Bóthair AXA, a eagraítear i gcomhpháirt le Comhairle Contae Fhine Gall. Léirítear i staitisticí gurb amhlaidh, i bhFine Gall ina haonar, a fuair seachtar bás agus a gortaíodh 58 nduine go dona sa bhliain 2024. Is gá dúinn gach a bhfuil ar ár gcumas a dhéanamh chun leanúint ar aghaidh ag cur ár dtiománaithe amach anseo ar an eolas faoin bhfreagracht a bhíonn orthu astu féin agus as daoine eile agus iad ar na bóithre.”

Mayor with students from Swords Community College

Agus é ar an bhfód le 19 mbliana anuas anois, leanann Seó Sábháilteachta Bóthair AXA d’aird tiománaithe óga a tharraingt agus d’oideachas a chur orthu, agus spreagadh á thabhairt dóibh chun a machnamh a dhéanamh ar a thábhachtaí a bhíonn sábháilteacht ar bhóithre agus ar an tionchar tromchúiseach a bhíonn ag iompraíochtaí amhail róluas, úsáid substaintí agus seachrán orthu féin agus ar dhaoine eile.
 
Dúirt Larry Bergin, Oifigeach Sábháilteachta ar Bhóithre i gComhairle Contae Fhine Gall: “Tacaímid go mór leis an siúl agus leis an rothaíocht. Ní hé amháin go mbíonn siad sin níos fearr do shláinte ár ndaoine óga, ach bíonn siad níos fearr don chomhshaol chomh maith. Mar sin féin, de réir mar a thosaíonn go leor daoine ag smaoineamh ar thiomáint, bíonn sé ríthábhachtach go dtuigfeadh siad an fhreagracht a ghabhann léi. Tá imeachtaí ar a nós seo ina mbealach iontach chun aird tiománaithe óga a tharraingt agus chun béim a leagan ar an tábhacht a bhaineann le bóithre a chomhroinnt go sábháilte, go háirithe le coisithe agus rothaithe atá sa bhaol is mó. Is éard atá i gceist le sábháilteacht ar bhóithre ná fanacht ar an airdeall agus cosaint a thabhairt dá chéile. Agus séasúr na Nollag ag druidim linn, fágfaidh bóithre níos gnóthaí, tráthnónta níos dorcha, agus drochaimsir go mbeidh ar gach úsáideoir bóithre tiomáint ar bhealach níos cúramaí.”
 
Tá cuairt tugtha ag Seó Sábháilteachta Bóthair AXA ar áiteanna inar fhreastail breis agus 11,000 dalta idirbhliana. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig:  www.axa.ie