Suirbhé ar oscailt le haghaidh smaointe ar imeacht dírithe ar an gceol agus ar an gcultúr a cheiliúradh i bhFine Gall

Sé an cultúr a cheanglaíonn sinne mar mhuintir. Is meáin uilíocha iad an ceol, an amhránaíocht, an rince agus an ealaín as a mbaineann daoine ar fud an domhain taitneamh ar mórán bealaí éagsúla.

Tá an t-ádh linn anseo i bhFine Gall go bhfuil éagsúlacht dochreidte na ndaoine atá ina gcónaí anseo. Tugann gach éinne a gcultúr agus a dtraidisiúin féin go Fine Gall agus déantar áit níos suimiúla as dá bharr.

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag iarraidh na cultúir éagsúla atá beo inár measc a cheiliúradh.

Táimid ag fiosrú féile nó imeacht a óstáil chun ceol agus cultúir éagsúla na ndaoine a gcónaíonn anseo i bhFine Gall a cheiliúradh. Cuirimid fáilte romhaibh uile a insint dúinn cad a cheapann tú faoin smaoineamh seo agus cad ba chóir a bheith mar chuid de. Cibé an ceol, an damhsa, an fhilíocht, na hamharcealaíona, an bhia, an teanga nó a mhalairt ruda ar fad, ba mhaith linn bhur gcuid tuairimi a fháil amach.

Críochnaigh an suirbhé simplí seo chun do chuid smaointe a roinnt:

https://forms.office.com/r/0DR72QduBG

Sé spriocdháta an tsuirbhé ná Déardaoin an 15 Nollaig.

Déan an suirbhé seo a roinnt le héinne eile is mian leat, go mór mór daoine óga, a cheapann tú ar mhaith leo a gcuid tuairimí a chur in iúl. Tá Foirne an Phobail, an Ealaíona agus na n-Imeachtaí ag tnúth le d'fhreagra!