Seoltar Plean Taistil Ghníomhaigh do Bhaile an Ridire
Rinne an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, agus David Storey, Stiúrthóir um Chomhshaol, Gníomhú ar son na hAeráide, Taisteal Gníomhach agus Spórt i gComhairle Contae Fhine Gall, Plean Taistil Ghníomhaigh Bhaile an Ridire a sheoladh go hoifigiúil inniu.
Rinne an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, agus David Storey, Stiúrthóir um Chomhshaol, Gníomhú ar son na hAeráide, Taisteal Gníomhach agus Spórt i gComhairle Contae Fhine Gall, Plean Taistil Ghníomhaigh Bhaile an Ridire a sheoladh go hoifigiúil inniu.
Agus é bunaithe ar chaidreamh áitiúil le gnólachtaí pobail, le cuairteoirí agus le comhaltaí tofa, tugtar aghaidh sa Phlean ar ábhair imní fhadbhunaithe atá ann laistigh den sráidbhaile, go háirithe maidir le sábháilteacht ar bhóithre, nascacht agus inrochtaineacht. I measc na saincheisteanna a dtarraingítear aird orthu tá cosáin atá srianta agus a bhfuil bac orthu, inrochtaineacht ag Scoil Náisiúnta Naomh Oilibhéir Pluincéid, an easpa saoráidí trasnaithe, dúshláin infheictheachta ag príomhacomhail, agus rochtain shrianta ar ghnólachtaí áitiúla agus ar Pháirc na Gléibe ón R132. Leagtar amach sa Phlean cur chuige comhordaithe i leith na dúshláin sin a réiteach agus i leith treisiú leis an dóigh a ngluaiseann daoine timpeall Bhaile an Ridire.
Chun dul i ngleic leis na dúshláin sin, moltar sa Phlean sraith idirghabhálacha spriocdhírithe lena dtugtar tús áite don siúl, do thaisteal de rothaí agus don rothaíocht, lena n-áirítear ath-leithdháileadh an spáis bóthair chun tacú ar bhealach níos fearr le taisteal gníomhach, spásanna poiblí uasghrádaithe, páirceáil fheabhsaithe do rothair, agus naisc fheabhsaithe leis an iompar poiblí.
Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: Trí dhíriú ar shráideanna níos sábháilte, ar naisc níos fearr, agus ar spásanna poiblí feabhsaithe, is é an toradh a bheidh ar an bplean seo ná an siúl agus an rothaíocht a dhéanamh ina rogha níos praiticiúla do phobal Bhaile an Ridire. A bhuí leis na hathruithe sin, cabhrófar le daoine roghanna taistil atá sláintiúil, taitneamhach agus inbhuanaithe a roghnú agus gluaiseacht timpeall an tsráidbhaile ar bhealach níos éasca agus le tuilleadh muiníne.”
Dúirt David Storey, Stiúrthóir um Chomhshaol, Gníomhú ar son na hAeráide, Taisteal Gníomhach agus Spórt i gComhairle Contae Fhine Gall: “Tá an Plean seo ina léiriú ar thiomantas Chomhairle Contae Fhine Gall do bhonneagar taistil ghníomhaigh atá ionchuimsitheach agus dea-dheartha a sholáthar, ar bonneagar é atá oiriúnach do dhaoine de gach aois agus de gach cumas. Tá sé mar aidhm leis na tograí do Bhaile an Ridire ceannasacht tráchta a laghdú, sábháilteacht a fheabhsú agus tacú le roghanna taistil níos inbhuanaithe.”
Tá triail ar an gcéad tionscadal a thiocfaidh as an bPlean á dearadh ag an bhfoireann tionscadail faoi láthair. Cuirfear an triail sin chun feidhme i mBaile an Ridire tráth níos déanaí i mbliana, agus tabharfar cuireadh don phobal arís aighneachtaí a dhéanamh agus moltaí a chur in iúl maidir leis an triail trí Thairseach Comhairliúcháin Fhine Gall. Tar éis na feabhsuithe sin a chur chun feidhme, beidh gnáth-thurais laethúla i mBaile an Ridire níos sábháilte agus níos áisiúla do gach duine.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil agus chun an Plean deiridh a léamh, téigh chuig:
https://www.fingal.ie/activetravel/balrothery